Méid an Téacs

Easpa Gaeilge na Roinne Oideachais

Nollaig 9, 2010

Tá ráiteas eisithe ag Conradh na Gaeilge ag tacú le héileamh an Choimisinéara Teanga, Seán Ó Cuirreáin, a dúirt go raibh géarghá le gníomh cothromúcháin earcaíochta san earnáil phoiblí a chinnteoidh líon dóthanach daoine atá inniúil ar an nGaeilge sna Ranna Stáit éagsúla.

Bhí an Coimisinéir Teanga ag tabhairt le fios nach bhfuil ach 1.5% d’fhoireann na Roinne Oideachais agus Scileanna atá in ann a gcuid gnó a dhéanamh leis an bpobal trí Ghaeilge.
Dúirt sé freisin gur léirigh suirbhé a rinneadh le gairid go bhfuil líon na foirne riaracháin sa Roinn sin le cumas Gaeilge acu tar éis titim 50% le 5 bliana anuas. Arsa Pádraig Mac Fhearghusa, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: “Is cúis ollmhór imní dúinn go bhfuil laghdú chomh suntasach tagtha arís ar líon na foirne riaracháin sa Roinn Oideachais a bhfuil ar a gcumas a gcuid seirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge. Lean sé “ní chóir Béarla éigeantach a bhrú ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta agus iad ag plé le heagraíochtaí stáit.”

Galway Advertiser – Peadar Mac Fhlannchadha
9 Nollaig 2010