Méid an Téacs

‘Easpa uaillmhéine’ an Rialtais

Iúil 31, 2013

Chuir Conradh na Gaeilge fáilte roimh na pleananna forfheidhmithe de chuid na Ranna Rialtais leis An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 – 2030 a chur i bhfeidhm, pleananna a foilsíodh Dé Céadaoin seo caite. Ach cháin an t-eagras an easpa uaillmhéine a léiríodh iontu.

Dúirt uachtarán an chonartha, Donnchadh Ó hAodha, go raibh “an-díomá” ar an eagras nár aithin an Rialtas pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta “mar gheallsealbhóirí i gcur i bhfeidhm na straitéise”.
Ba chóir go gcuirfí “struchtúr riachtanach ardleibhéil ar bun idir na húdaráis agus na heagraíochtaí pobail Gaeilge agus Gaeltachta, áit a dhéanfar moltaí i dtaca leis an nGaeilge agus leis an straitéis sula gcuirtear ar aghaidh chuig na hAirí cuí iad”.
Chreid an conradh go raibh easpa spriocanna “dúshlánacha, uaillmhianacha” sna pleananna, mar shampla, ní raibh plean ann a thabharfadh aghaidh ar mhaolú stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach faoi 2016.
Fágadh ar iarraidh, fosta, a dúirt an conradh, gur chuir lucht na Gaeilge agus na Gaeltachta in éadan athrú stádais d’Oifig an Choimisinéara Teanga, deireadh a chur le deontas Gaeltachta d’ábhar múinteora agus an diúltú ar leasú a ghlacadh ar Acht na Gaeltachta.

www.irishtimes.com