Méid an Téacs

Eileamh leanúnach ar chúrsaí Gaeilge sna hOllscoileanna

Lúnasa 24, 2011

Is cosúil go bhfuil éileamh leanúnach ar na cúrsaí ollscoile a reáchtáiltear trí mheán na Gaeilge in ollscoileanna na tíre de réir staitisticí bunaithe ar na tairiscintí  a d’eisigh an Lár-Oifig iontrála inné.

Bhí an treocht sin le feiceáil ach go háirithe i gcúrsaí iriseoireachta agus craoltóireachta. Tháinig méadú ar líon na bpointí a bhí ag teastáil do roinnt de na cúrsaí iriseoireachta a reáchtáiltear trí mheán na Gaeilge nó a bhfuil an Ghaeilge mar chomh-ábhar iontu.

Iriseoireacht
Tháinig méadú de 15 phointe ar líon na bpointí a bhí ag teastáil don chúrsa sa Ghaeilge agus san Iriseoireacht a bhíonn ar siúl in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (465 pointe).

Bhí an scéal amhlaidh i Ollscoil na hÉireann Gaillimh áit a raibh éileamh níos mó ar an gcúrsa cumarsáide i mbliana (330 pointe).  Chomh maith leis sin, bhí méadú de 30 pointe i gceist leis an mbunchéim sa Ghaeilge agus na Meáin a bhíonn á reáchtáil in Ollscoil Luimnigh (400 pointe).

Oideachas
Bhí laghdú de chúig phointe nó mar sin le feiceáil  i measc na gcúrsaí bunmhúinteoireachta sna coláistí oideachais ach amháin i gColáiste Phádraig, áit a raibh méadú de chúig phointe ar líon na bpointí a bhí ag teastáil ó iarrthóirí ón nGaeltacht (440 Pointe).

Na Dána
Bhí laghdú beag ar líon na bpointí a bhí ag teastáil do chéimeanna sna Dána i mórán de na hollscoileanna. I gColáiste na hOllscoile Corcaigh bhí laghdú de cúig phointe ann  i mbliana (345 pointe)agus thit líon na bpointí don chúrsa sna Dána i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath go 440 pointe.

Tháinig  méadú  áfach ar  líon na bpointí a bhí ag teastáil don bhunchéim sna Dána (Léann an Aistriúcháin)in Ollscoil na hÉireann Gaillimh (405 pointe).

Tráchtáil agus Gnó
Bhí laghdú beag le feiceáil  sa réimse seo chomh maith. Thit líon na bpointí a bhí ag teastáil don bhunchéim Tráchtáil le Gaeilge i gColáiste na hOllscoile Corcaigh ó 450 pointe go 440 pointe i mbliana. Bhí laghdú le feiceáil i mBaile Átha Cliath chomh maith. Bhí 330 pointe ag teastáil ó iarrthóirí ar an gcúrsa Gnó agus Gaeilge in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, laghdú de 10 bpointe ón bhliain seo caite. Bhí 410 pointe ag teastáil ó iarrthóirí a bhí ag iarraidh an chéim sa Ghaeilge agus sa Ghnó a dhéanamh in Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge.

Bhí laghdú beag le feiceáil sna cúrsaí dlí chomh maith agus thit líon na bpointí don bhunchéim sa Dlí agus sa Ghaeilge a bhíonn á tairiscint ag Coláiste na hOllscoile Corcaigh go 500 pointe.

Cúrsaí eile
Tá Institiúid Teicneolaíochta Átha Cliath fós ag glacadh le hiarratais don bhunchéim BA (Onóracha) sa Ghaeilge don Saol Proifisiúnta.  Ní raibh an cúrsa seo san áireamh i lámhleabhar na Lár-Oifige iontrála i mbliana agus más maith le hiarrthóirí iarratais a dhéanamh don chúrsa seo is fearr teagmháil a dhéanamh le Scoil na dTeangacha ann www.dit.ie/schooloflanguages.

©Foilsithe ar Gaelport.com 23 Lúnasa 2011