Méid an Téacs

Fáiltíonn Gaelscoileanna Teo. roimh cheapachán Sheáin Kyne (FG) ina Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta.

Bealtaine 20, 2016

Chuir Uachtarán Gaelscoileanna Teo., Cathnia Ó Muircheartaigh fáilte roimh cheapachán Kyne, gur “comhartha dóchais é go bhfuil Teachta Dála, a bhfuil tuiscint agus taithí aige ar shainriachtanais na Gaeltachta mar aon le cumas maith sa teanga ina Aire Stáit Gaeltachta”.

Ag tagairt don ráiteas a rinne an tAire sa Dáil inné go raibh sé thar am feidhm a thabhairt don pholasaí oideachais Gaeltachta, deir Ardfheidhmeannach Gaelscoileanna Teo., Bláthnaid ní Ghréacháin “tuar dóchais atá ann go n-aithníonn an tAire foilsiú an pholasaí oideachais Gaeltachta mar thosaíocht. Tá an-lagmhisneach ar phobail na scoileanna Gaeltachta faoin mhoill a bhaineann le foilsiú an pholasaí. Tugadh faoi chomhairliúchán ar na moltaí polasaí don Oideachas Gaeltachta go tréan, ach tá an teas agus an dóchas ag imeacht ón scéal le himeacht ama”.

Impíonn Gaelscoileanna Teo. ar an Aire nua dul i gcomhairle leis an Aire Oideachais agus Scileanna, Richard Bruton, TD, faoi fhoilsiú an pholasaí ar bhonn práinne, polasaí a thugann aghaidh ar an iliomad castachtaí agus dúshláin a bhaineann leis an oideachas Gaeltachta. Fáiltíonn ní Ghréacháin go mór roimh “chúnamh agus tacaíocht an Aire thar ceann na scoileanna Gaeltachta i leith na ndúshláin ollmhóra atá rompu”, agus impím sí “go bhfoilseofaí an polasaí gan a thuilleadh moille, “ chun gur féidir le scoileanna tabhairt faoin bpleanáil agus comhairliúchán cuí lena gcuid pobail ar bhonn práinne”.

Is eagraíocht dheonach náisiúnta í Gaelscoileanna Teo. a thugann tacaíocht d’fhorbairt na scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta ag an mbunleibhéal agus ag an iar-bhunleibhéal agus d’fhorbairt na naíonraí lasmuigh den Ghaeltacht. Áirítear i measc róil agus feidhmeanna na heagraíochta comhairle, cúnamh agus tacaíocht do dhaoine ar mian leo oideachas lán-Ghaeilge dá bpáistí, mar aon le seirbhís tacaíochta do naíonraí agus scoileanna.