Méid an Téacs

Faoiseamh maidir le cúntóir ranga Gaelscoile

Samhain 9, 2012

Bogadh cúntóir ranga as Béal Feirste, Caoimhe Prigent amach as an aonad dianchúram ag tús na seachtaine seo i ndiaidh di seachtain a chaitheamh ann de bharr taisme inár thit sí ón bhus scoile.

Scoilteadh cloigeann Caoimhe nuair a thit sí ón bhus scoile ag timpeall 8.30r.n ar an bhealach chuig Scoil an Droichid ar Bhóthar Ormeau, áit ina raibh sí ag obair mar chúntoir ranga. Bhí inchinn Chaoimhe ata agus rinneadh obráid uirthi le linn na seachtaine le dul i ngleic leis sin.

“Tá cuma dhearfach ar rudaí le dhá lá anuas agus dea-toradh ar an obráid. Tá faoiseamh orainn go bhfuil sí múscailte.” arsa Liam Prigent, athair na mná óige.

“Ní a fhios againn féin cén dóigh ar tharla an taisme, beidh níos mó eolais faoi nuair a thagann Caoimhe ar ais chuici féin. Tá muid dearfach go bhfuil feabhas ag teacht uirthi de réir a chéile” arsa seisean.

Rinne Bord bainistíochta Scoil an Droichid cinneadh gan labhairt leis na meáin ach dheimhnigh siad go raibh foireann na scoile ag coinneáil i dteagmháil le muintir Caoimhe agus ag iarraidh na daltaí a chur ar an eolas fúithi.

Bhí cuid mhór ráflaí faoi cad é ar tharla agus faoin tionchar a bheadh ar a leithéid de thaisme ar pháistí ach mhaígh Príomhoide na scoile, Fionnuala Mc Cotter nach bhfaca na daltaí an taisme.

Tá Caoimhe faoi chúram in Oispidéal Victoria Ríoga i mBéal Feirste go fóill.

http://www.gaelsceal.ie/