Méid an Téacs

Feachtas cearta seolta

Eanáir 16, 2014

Bhailigh breis agus 200 duine le chéile i Halla na Saoirse i mBaile Átha Cliath Dé Sathairn seo caite chun a fhearg a chun in iúl faoina hionsaithe atá a dhéanamh ag Rialtas Fhine Gael agus an Lucht Oibre ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.
Rinneadh cáineadh géar ar an státchóras trí chéile agus rinne Seán Mag Leannáin, Iar-Phríomhoifigeach a chaith 32 bliain ag obair sa státchóras, cur síos an-bheacht ar an ionsaí leanúnach, gan údarás, atá á dhéanamh ag cuid d’ardstátseirbhísigh na tíre ar an teanga. Ach ní cruinniú gearráin a bhí sa chruinniú poiblí a d’eagraigh Conradh na Gaeilge ach cruinniú chun feachtas a eagrú chun troid a dhéanamh in aghaidh na hionsaithe seo. Bailíodh lear mór moltaí ón slua a bhí i láthair agus tá grúpa feachtais bunaithe anois chuige sin. Is féidir eolas a fháil nó páirt a ghlacadh san fheachtas seo ach teagmháil a dhéanamh le Conradh na Gaeilge ag 091 567824 nó conradh@bradan.iol.ie.

www.advertiser.ie