Méid an Téacs

Féile Scoil Drámaíochta na Gaillimhe

Eanáir 13, 2012

Tá’n sprioc-dháta ag druidim linn chun iarratais a sheoladh isteach le bheith páirteach i bhFéile Scoil Drámaíochta na Gaillimhe.

Reáchtálfar an Fhéile in Amharclann Chois Fharraige, Indreabhán ón Luan 6 Feabhra go dtí an Aoine 10 Feabhra 2012.

D’éirigh go breá leis an bhféile anuraidh, áit a léiríodh 35 dráma le linn na seachtaine agus táthar ag súil leis an méid céanna drámaí nó níos mó fiú i mbliana.

Caithfidh iarratais a bheith seolta isteach roimh an Aoine 20 Eanáir agus ní ghlacfar le haon Iarratais tar éis an dáta sin. Is féidir an fhoirm iarratais a íoslódáil ón suíomh www.scoilnatulai.com

Caithfear an fhoirm iarratais, in éineacht le táille iontrála de €30 agus cóip clóite den script a sheoladh sa phost chuig Rúnaí Féile Scoil Drámaíochta, Scoil Cholmcille, An Tulaigh, Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe láithreach.

Cuirtear míle fáilte roimh an bpobal bualadh isteach le linn an Fhéile Scoil Drámaíochta chun tacaíocht a thabhairt do na haisteoirí óga. Go deimhin, cuirtear léiriúchán den scoth ar stáitse le linn na seachtaine agus is fiú go mór a bheith i láthair le tallann an aos óg.

GAELSCÉAL