Méid an Téacs

Foirgnimh nua do Ghaelscoileanna

Márta 22, 2012

Cé go bhfuil fáilte curtha ag an bhForas Pátrúnachta agus Gaelscoileanna Teo. roimh an scéal go bhfuil 40 scoil lán-Ghaeilge san áireamh sa phlean tógála atá fógartha ag an Aire Oideachais, tá méadú ar an olc atá ar phobal scoile Ghaelscoil Mhic Amhlaigh de bharr nach bhfuil an scoil sin ar an liosta beag nó mór.

Go deimhin ní hiad pobal na scoile amháin atá ag ceistiú maoiniú a chur ar fáil chun scoil úr nua a thógáil sa cheantar gan freastal ceart a dhéanamh i dtús ar scoil sheanbhunaithe, agus scoil a bhfuil ard-cháil bainte amach aici.

Ar na gaelscoileanna i gContae na Gaillimhe atá san áireamh sa liosta cúig bliana tá: 2013: Coláiste na Coiribe. 2014: Gaelscoil nua, Cnoc na Cathrach; Gaelscoil Riada, Baile Átha an Rí. 2015: Gaelscoil Iarfhlatha, Tuaim; Gaelscoil Riabhach, Baile Locha Riach; Coláiste an Eachréidh, Baile Átha an Rí agus Gaelscoil de hÍde, Órán Mór.

Tá 27% de bhunscoileanna agus 38% de na hiarbhunscoileanna lán-Ghaeilge sa tír gan cóiríocht bhuan nach bhfuil ar aon liosta cóiríochta ag an Roinn agus tá 60% de na bunscoileanna lán-Ghaeilge a bunaíodh le 25 bliain anuas i gcóiríocht shealadach faoi láthair – sin gan trácht a dhéanamh ar scoileanna eile atá tar éis fás ón am a bhfuaireadar foirgneamh buan agus a bhfuil ag úsáid cóiríocht shealadach do chuid den scoil.

Beidh fiche a dó bhunscoil faoin bhForas Pátrúnachta ag fáil scoil iomlán nua agus beidh síneadh á chur le dhá bhunscoil eile faoin bpátrún agus chuir Ard-Rúnaí an Fhorais Pátrúnachta fáilte roimh an ráiteas.

GALWAY ADVERTISER