Méid an Téacs

Gabh le Gaeilge – Toradh an Chomhoibrithe agus buaicphointe de 2010

Nollaig 14, 2010

Ba buaicphointe don bhliain do Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge nuair a seoladh go hoifigiúil an DVD, ‘Gabh le Gaeilge’ le linn Oireachtas na Gaeilge i gCill Airne. 

Is pacáiste eolais é ‘Gabh le Gaeilge’ do dhaltaí a bheidh ag roghnú ábhar don TGMO (GCSE) atá curtha i dtoll a chéile ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus Comhar na Múinteoirí Gaeilge.

Ní hamháin gur iontach an áis í ‘Gabh le Gaeilge’ do dhaltaí, do mhúinteoirí agus do thuismitheoirí, ach is iontach an léiriú é freisin ar an méid is féidir a bhaint amach trí chomhoibriú.  Ba comhthionscadal é ‘Gabh le Gaeilge’, a d’eascair go horgánach ó ócáid de ‘Bhuntáiste Breise na Gaeilge’ a d’eagraigh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus Comhar na Múinteoirí Gaeilge i mBéal Feirste.  Bhí réimse éagsúil scileanna ar fáil idir fhoireann na Comhdhála agus fhoireann Chomhar na Múinteoirí Gaeilge, a d’fhág go bhféadfaí an tionscadal seo a chur i gcrích go héifeachtach, críochnúil agus ar luach an-mhaith ar airgead.  

Léiríonn an DVD, agus na cleachtaí atá ag dul leis, na buntáistí a bhaineann leis an nGaeilge a roghnú mar ábhar scoile. Tá réimse an-leathan ábhar (breis agus leathchéad) ar fáil don TGMO ach tá líon na ndaltaí a roghnaíonn an Ghaeilge ag titim go leanúnach ón mbliain 2007.

Tá na hiontrálacha don scrúdú Gaeilge ag leibhéal an TGMO tite 25% le trí bliana, le cuid mhaith daltaí ag roghnú teangacha eile thar an nGaeilge. Thug Comhar na Múinteoirí Gaeilge agus Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge faoin tionscadal áirithe seo chun dul i ngleic leis an laghdú ar na figiúirí seo.

Seoladh an DVD chuig múinteoirí i scoileanna ina bhfuil an Béarla mar mheán teagaisc le cuidiú leo an Ghaeilge a chur chun cinn mar rogha don TGMO. Tá an pacáiste ag díriú ar dhaltaí atá idir 11 – 14 bliana d’aois agus ar bheagán Gaeilge. Mar sin, tá an rithim breá mall agus an Ghaeilge simplí go leor le bheith intuigthe.

Sa DVD, cuireann Caoimhe Ní Chonchoille aoichainteoirí ó chúlraí difriúla i láthair agus tugann siad léiriú ar na buntáistí a bhain siad féin as an nGaeilge a roghnú mar ábhar. Is iad Tomaí Ó Conghaile (Láithreoir raidió agus iriseoir le Nuacht 24), Ursula Uí Dhonnaile (Oifigeach Gaeilge Chomhairle Dhún Geanainn) agus Mark Harte (Iarpheileadóir do Thír Eoghain agus múinteoir meánscoile) rannpháirtithe an chláir.

Chun cóip den DVD ‘Gabh le Gaeilge’ a ordú, déan teagmháil linn ag gabhlegaeilge@gaelport.com.  Tá súil ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge tógáil ar bhuntáistí agus spiorad an chomhoibrithe sa bhliain 2011 i gcomhar lenár mballeagraíochtaí.