Méid an Téacs

Gaeilge na hArdteiste slán ón tua-go fóill

Aibreán 5, 2011

Deir an tAire Oideachais agus Scileanna Ruairí Quinn TD nach mbeidh aon athrú ar stádas na Gaeilge mar chroí-ábhar san Ardteistiméireacht amach anseo.

Dúradh i gclár an Rialtais go nglacfar céimeanna le go dtiocfaidh feabhas ar mhodhanna theagasc na Gaeilge ar an dara leibhéal agus nach mbeadh athbhreithniú ann go dtí go glacfar na céimeanna sin.

Agus dheimhnigh an tAire sa Dáil ar 24 Márta nach mbeidh aon athrú ann ar stádas na teanga mar ábhar scoile ach go mbeadh athbhreithniú ann,  ach níor thug sé le fios cathain a bheidh an t-athbhreithniú ar siúl.

“Caithfimid glacadh leis go n-iompaíonn páistí i gcoinne na teanga ar chúiseanna nach dtuigimid. Ní mór dúinn ceisteanna a chur faoi sin”, dar leis.

Dúirt  sé go raibh gá athbhreithniú a dhéanamh ar an méid ama a chaitear le teagasc na Gaeilge sna scoileanna i gcomhthéacs na dtorthaí a bhaintear amach agus cumas teanga na ndaltaí ina dhiaidh sin.

“Caithfimid a bheith macánta agus na ceisteanna seo á bplé againn” a dúirt sé.

Foilsithe ar Gaelport.com 05 Aibreán 2011