Méid an Téacs

An Gaelchampas is mó sa tír le hoscailt i gCarraig Uí Laighin

Iúil 9, 2010

Tá sé fógartha go bhfuil aitheantas sealadach bronnta ar Ghaelcholáiste nua i gCarraig Uí Laighin, i gCorcaigh, a bheidh ag oscailt i 2012.

Tagann an scéal seo i ndiaidh dhá bhliain d’fheachtasaíocht. Beidh an scoil seo ar an ‘Gaelchampas’ is mó sa tír, dar leis an eagraíocht Gaelscoileanna Teo.

Beidh bunscoil agus iarbhunscoil lán-Ghaeilge chomh maith le scoil do pháistí le riachtanais speisialta ar aon suíomh amháin. Tá cinneadh déanta ag an Roinn Oideachais suíomh 21 acra a cheannach i mBaile an Riabhaigh don scoil.

Ba é an Teachta Dála áitiúil i gCarraig Uí Laighin a chuir an dea-scéal in iúl do choiste bunaithe na scoile, seachtain ó shin. “Cinneadh an-dearfach é seo a chinntíonn go mbeidh an ghaelscolaíocht mar rogha do thuismitheoirí agus do dhaltaí Charraig Uí Laighin agus tuismitheoirí an cheantair máguaird,” a deir Bláthnaid Ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach Gaelscoileanna Teo.

“Gabhann muid comhghairdeas mór leis an gcoiste as an éacht atá bainte amach acu agus leis an Roinn Oideachais agus Scileanna as aitheantas a thabhairt don éileamh ó thuismitheoirí agus don riachtanas a bhaineann le soláthar na gaelscolaíochta.”

Beidh an Coiste Gairmoideachais mar phátrún ar an nGaelcholáiste agus tá sé i gceist an suíomh a fhorbairt le go mbeidh áiseanna ann le freastal ar suas 700 dalta. Tá breis agus 460 dalta cláraithe ag a dtuismitheoirí leis an scoil nua, a chuir cathaoirleach an choiste bunaithe, Noel O’Regan in iúl, rud a léironn gur rogha an-láidir í an Ghaelscolaíocht mar chóras oideachais i measc an phobail. Cuireann an scoil fáilte roimh iarratais ar áiteanna scoile ó thuismitheoirí a bhfuil a bpáistí ag freastal ar bhunscoileanna lán-Ghaeilge nó Béarla.

Tabharfar cabhair bhreise do pháistí ag teacht ó scoileanna Béarla ag tús na scoilbhliana má tá gá acu leis. “Déanfaimid ár ndícheall le cinntiú go mbeidh an Gaelcholáiste ar fáil do gach páiste sa cheantar ar fhágáil na bunscoile dóibh,” a deir an tUasal O’Regan.

Thar ceann an choiste bunaithe, ghabh sé buíochas le gach éinne a bhí bainteach leis an bhfeachtas, ina measc siúd an an t-iar-Theachta Dála Batt O’Keeffe (le linn a ré mar Aire Oideachais), iar Theachta Dála Barry Cogan agus cathaoirleach Choiste Gairmoideachais Chontae Chorcaí, Barra Ó Briain.

Tá tuilleadh eolais maidir le forbairt na scoile ar fáil ar an suíomh www.gaelcholaistecarrigaline.net.

Gaelscéal – Meadhbh Ní Eadhra
09 Iúil 2010