Méid an Téacs

`Gaeloideachas do Chách’ téama Chomhdháil an Fhorais Phátrúnachta

Feabhra 4, 2015

Beidh Comhdháil an Fhorais Phátrúnachta ar siúl i mbliana ar an 28 Feabhra 2015 sa Red Cow Moran Hotel i mBaile Átha Cliath. Is é ‘Gaeloideachas do Chách’ téama na comhdhála.

Pléifear topaicí éagsúla ar an lá; airgeadas scoile, cosaint sonraí agus éiteas scoile. Beidh an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, i láthair mar aoi speisialta. Pléifidh an Coimisinéir an ról lárnach atá ag scoileanna i gcearta teanga a chosaint. “Tugann an comhdháil seo deis ar leith domsa labhairt le h-oideachasóirí chun míniú a thabhairt dóibh ar mo ról, agus an chosaint a thugtar do chearta teanga i reachtaíocht na tíre, an tAcht Oideachais 1998 san áireamh. Tá sé tábhachtach go mbeadh tuiscint mhaith ag Boird Bainistíochta scoileanna agus go deimhin ag múinteoirí na tíre ar chúrsaí cearta teanga.” a dúirt an Coimisinéir.

Beidh seastáin éagsúla ann ar an lá agus freisin fógrófar buaiteoirí Comórtas Ealaíne an Fhorais Phátrúnachta, atá urraithe i mbliana ag Foras na Gaeilge.

Dúirt Caoimhín Ó hEaghra , Ard Rúnaí An Foras Pátrúnachta: “ Tá an obair á dhéanamh ag scoileanna An Fhorais Phátrúnachta ag cur oideachas den scoth ar fáil dá ndaltaí. Sa chúlra i ngach scoil bíonn na Boird Bhainistíochta ag cinntiú gur féidir leis na scoileanna feidhmiú chomh maith agus gur féidir leo. Tríd an chomhdháil seo cuirtear eolas agus oiliúint ar fáil do na Boird chun an tacaíocht sin a thabhairt dá scoileanna. I mbliana beidh aoi-chainteoirí againn ag plé Cosaint Sonraí, Bainistiú Airgid agus Soláthar do Scoileanna i measca a lán eile. Cuireann sé ríméad ar leith orainn go bhfuil an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, ag teacht chun labhairt lenár mbaill mar gheall ar a gcearta i leith na Gaeilge mar a bhaineann sé le scoileanna”.

Is €35 an costas atá ar thicéad, soláistí san áireamh don chomhdháil. Cuirfear dinnéar ar fáil do gach comhalta ag am lóin. Beidh Cruinniú Cinn Bhliana An Foras Pátrúnachta ar an 27ú Feabhra in Óstán an Red Cow ag 7.00in.