Méid an Téacs

Gaelscoil na gCrann buach i gComórtas Cór na nGaelscoileanna

Meitheamh 16, 2016

Ba í Gaelscoil na gCrann as an Ómaigh a thóg leo an phríomhdhuais i gComórtas Cór na nGaelscoileanna i Mainistéar Chluain Aird, Béal Feirste. Roinneadh an dara háit idir Bunscoil Phobal Feirste agus Scoil an Droichid. Seacht nGaelscoil ó thrí chontae a ghlac páirt sa chomórtas a d’eagraigh Féile an Phobail. Bhí Meon Eile i measc na cuideachta lá an chomórtais. Seo chugaibh buaicpointí na hamhránaíochta agus comhrá le lucht na féile.

Físeán le feiceáil anseo: www.meoneile.ie