Méid an Téacs

Gaeltacht sho-iompartha

Iúil 26, 2013

Ag an am seo den bhliain téann na mílte duine idir óg agus aosta chun na Gaeltachta le snas a chur ar a gcuid Gaeilge.

Nuair atá tú ag foghlaim teanga, caithfidh tú dul go háit ina labhraítear an teanga le cleachtadh a fháil lá i ndiaidh lae, in áit cúpla uair an chloig sa tseachtain. Sin ráite, tá na cúrsaí Gaeltachta daor go leor agus mar gheall ar an chúlú eacnamaíoch agus an dífhostaíocht a théann leis, ní féidir lena lán daoine na costais a íoc.
Ar an dea-uair, beidh dianhúrsaí ar fáil i gceantar Dhoire i rith an tsamhraidh a thabharfaidh deis do dhaoine cúpla lá a chaitheamh ag labhairt Gaeilge agus ag smaoineamh i nGaeilge. Tháinig leabhar amach ar na mallaibh atá dírithe ‘ar dhaoine ar mhaith leo blaiseadh beag de Ghaeilge na Gaeltachta a fháil – daoine nach bhfuil seans acu tamall fada a chaitheamh sa Ghaeltacht.’(Dea-chaint John Ghráinne agus a chairde, le Tom Hodgins, Coiscéim)
Thosaigh Tom Hodgins ag cruinniú cora cainte ó John Ghráinne Ó Duibheannaigh nuair a bhí sé ar scoil i Rann na Feirste. Tá clú agus cáil ar John Ghráinne mar sheanchaí agus mar shaineolaí ar an Ghaeilge.
Clúdaíonn an leabhar réimse leathan d’ábhar – mionchaint, bia agus deoch, comhrá an lae, an teaghlach agus páistí, an aimsir, mallachtaí agus cáineadh (an-úsáideach!) agus a lán eile. Bainfidh an foghlaimeoir tairbhe as an chaibidil ‘Nathanna coitianta i nGaeilge Uladh’.
Tá níos mó ná liostaí focal sa leabhar. Cuirtear na frásaí i gcomhthéacs le samplaí ó chomhrá na gcainteoirí dúchais. Rugadh Tom Hodgins i nDroichead Átha agus chaith sé blianta i Rann na Feirste agus i nGaoth Dobhair. Bhí sé ina léachtóir in Éirinn agus thar lear. Agus is trodaí idirnáisiúnta é- 6ú Dan Karate agus Jiú Jitsú! Tá éacht déanta aige leis an leabhar seo. Ba chóir do lucht na Gaeilge a bheith an-bhuíoch de ina thaobh.

www.derryjournal.com