Méid an Téacs

‘Géarghá le neartú cearta teanga i gcónaí’, a deir an Coimisinéir, agus é ag admhaithe ag an Taoiseach nach bhfoilseofar reachtaíocht teanga

Eanáir 25, 2016

Dúirt an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, ar maidin, go raibh “géarghá” i gcónaí le reachtaíocht teanga a láidreodh Acht na dTeangacha Oifigiúla.

Bhí an Coimisinéir ag caint ar an gclár Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoi admháil an Taoisigh sa Dáil an tseachtain seo caite nach bhfoilseofar Bille leasaithe na dTeangacha Oifigiúla sula scoirfear an Dáil don olltoghchán.
Ag labhairt dó le Tuairisc.ie ar maidin, dúirt an Coimisinéir Teanga gur cheart uasdátú la dhéanamh láithreach ar liosta na gcomhlachtaí a thagann faoi scáth an Achta.

“Tá práinn ag baint leis an uasdátú sin agus ní theastódh aon reachtaíocht nua chun é a dhéanamh,” a dúirt an Coimisinéir Teanga.

Mar fhreagra ar cheist ó cheannaire Shinn Féin Gerry Adams, dúirt an Taoiseach Enda Kenny sa Dáil an tseachtain seo caite nach dtiocfadh “an Bille go dtí an Teach roimh dheireadh na Dála seo”.

Cuireadh tús leis an athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 i mí na Samhna 2011 agus foilsíodh ceannteidil na reachtaíochta nua i mí Aibreáin 2014. Mhol coiste oireachtais a d’ullmhaigh tuarascáil faoin dréachtreachtaíocht sin go ndéanfaí 34 leasú ar 13 ceannteideal an Bhille. Nuair a foilsíodh an dréachtreachtaíocht dúirt an Coimisinéir Teanga gur beag a bhí inti a neartódh cearta teanga an tsaoránaigh.

Thug an Taoiseach le fios i mí Nollag na bliana 2014 go bhfeicfí an Bille atá le leasú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla “go luath” i mí Eanáir na bliana 2015.

Dúirt an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta Heather Humphreys i bhfreagra Dála i mí an Mheithimh seo caite go mbeadh an reachtaíocht nua teanga le foilsiú “sna seachtainí amach romhainn” roimh bhriseadh an tsamhraidh.
Ina dhiaidh sin arís, thug urlabhraí ó Roinn na Gaeltachta le fios do Tuairisc.ie go bhfoilseofaí an Bille “le linn téarma reatha na Dála”.

Dúirt urlabhraí thar ceann Aire na Gaeltachta le Tuairisc.ie níos túisce an mhí seo go raibh “leagan dátheangach den Bhille á ullmhú” faoi láthair agus go bhfoilseofaí é “chomh luath agus is féidir faoi réir chead an Rialtais a bheith faighte chuige sin”.

www.tuairisc.ie