Méid an Téacs

Gearrscannáin na Gaeilge

Samhain 10, 2011

Beidh gearrscannán atá déanta ag daltaí idirbhliana Scoil Chuimsitheach Chiaráin, an Cheathrú Rua, i measc na scannáin a bheidh le feiceáil ag taispeántas de chuid  an Junior Film Fleadh in Amharclann na Cathrach Dé Céadaoin seo chugainn, 16 Samhain, ag tosú ag 2.15i.n.

Tá sé mar aidhm ag an taispeántas seo rogha de ghearrscannáin comhaimseartha a léiriú, ina bhfuil an Ghaeilge á húsáid mar theanga bheo, bríomhar, atá an-oiriúnach chun téamaí agus mórcheisteanna a bhaineann le daoine óga a phlé. Ar an scalán chomh maith beidh an scannán Asal, leis an stiúrthóir Tom Sullivan, scannán a bhuaigh Gradam Tiernan McBride don Ghearrscannán is Fearr ag Fleadh Scannán na Gaillimhe i mbliana. Le feiceáil freisin beidh Abinitio, agus An Buille, gearrscannáin leis an stiúrthóir Marion Ní Loingsigh, agus An Rinceoir, stiúrthóir Elaine Gallagher, ina léirítear an grá atá ag cailín óg do rincí Gaelacha. Taispeánfar freisin an gearrscannáin An Ghaeilge – Give It a Go le  C Sayers agus Coláiste Pobail na Gaillimhe, clár faisnéise gairid a dhíríonn ar dhaoine a raibh tionchar acu ar úsáid na Gaeilge, ag léiriú go bhfuil an Ghaeilge beo agus í á húsáid i gcónaí.

Galway Advertiser