Glactha ag Comhairle an Aontais Eorpaigh le plean an Rialtais maidir le maolú na Gaeilge
Nollaig 4, 2015
Tá glactha ag Comhairle an Aontais Eorpaigh le plean an Rialtais go gcuirfí leis na seirbhísí atá ar fáil i nGaeilge ón AE nó go rachaidh maolú na Gaeilge in éag faoi cheann cúig bliana.
I mí Iúil d’fhógair an Rialtas go mbeifeá ag éileamh go gcuirfí siar cúig bliana dáta éagtha maolú na Gaeilge sa AE seachas deireadh a chur láithreach leis.
Ciallaíonn maolú na Gaeilge nach gá don AE na seirbhísí céanna a chuirtear ar fáil i dteangacha eile a chur ar fáil i nGaeilge.
Chuir Aire Stáit na Gaeltachta fáilte tráthnóna roimh chinneadh na Comhairle Eorpaí glacadh le plean an Rialtais faoina bhfuil sé i gceist cur leis an méid reachtaíochta a chaithfear a aistriú go Gaeilge as seo go ceann cúig bliana.
Agus fáilte á cur aige roimh an gcomhaontú, dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh go raibh sé “iontach tábhachtach don Rialtas go mbeidh an Ghaeilge ina teanga iomlán oibre d’institiúidí an AE”.
“Cé go bhfuil an Ghaeilge ina teanga oifigiúil den Aontas Eorpach ó bhí 2007 ann, cuireann an Rialtas fáilte roimh an chur chuige a chomhaontaigh an Chomhairle inniu chun na catagóirí reachtaíochta atá le haistriú a mhéadú agus leanúint le méadú réamhghníomhach an eolais a chuirtear ar fáil i nGaeilge faoi ghníomhaíochtaí an AE,” a dúirt McHugh.
Dúirt an tAire go mbeadh an Rialtas “ag obair go dlúth leis an Choimisiún Eorpach agus leis na hinstitiúidí AE eile” chun a chinntiú go mbeadh dóthain aistritheoirí Gaeilge ann chun tabhairt faoin obair a bheidh le déanamh as seo go ceann cúig bliana.
Thíos tá an clár ama do mhéadú céimnitheach na reachtaíochta atá le haistriú go Gaeilge.
Achtanna
|
Dátaí |
Treoracha glactha ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle | Tráth nach déanaí ná an 1 Eanáir 2017 |
Cinntí glactha ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle | Tráth nach déanaí ná an 1 Eanáir 2018 |
Treoracha glactha ag an gComhairle atá dírithe ar gach Ballstát | Tráth nach déanaí ná an 1 Eanáir 2020 |
Rialacháin glactha ag an gComhairle | Tráth nach déanaí ná an 1 Eanáir 2020 |
Cinntí glactha ag an gComhairle nach bhfuil sé sonraithe iontu cé air a bhfuil siad dírithe | Tráth nach déanaí ná an 1 Eanáir 2020 |
Rialacháin glactha ag an gCoimisiún | Tráth nach déanaí ná an 1 Eanáir 2021 |
Treoracha glactha ag an gCoimisiún atá dírithe ar gach Ballstát | Tráth nach déanaí ná an 1 Eanáir 2021 |
Cinntí glactha ag an gCoimisiún nach bhfuil sé sonraithe iontu cé air a bhfuil siad dírithe | Tráth nach déanaí ná an 1 Eanáir 2021 |
www.tuairisc.ie