Méid an Téacs

Gradam Ríomh-Rialtais bronnta ar iTunes U

Bealtaine 9, 2012

Tugadh aitheantas don acmhainn foghlama Gaeilge iTunes U le déanaí nuair a bhronn an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe. Brendan Howlin TD gradam Gaeilge ríomh-rialtais na hÉireann ar an tionscadal i gCaisleán Bhaile Átha Cliath ar 25 Aibreán 2012.

Is í an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) a d’fhorbair an áis fhoghlama dhigiteach. Ocáid cheiliúrtha do cheannródaithe idirlín san earnáil phoiblí a bhí ann.

Áis cheannródaíoch  nuálach é cainéal COGG ar iTunes U chun físeáin, podchraoltaí agus eile a chur ar fáil d’earnáil na Scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge.

Forbraíodh  300 mír fhoghlama ó bhunábhar ó chartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta agus ó bhunábhar ó chartlann Acadamh na Ollscolaíochta Gaeilge agus tá siad go léir ar fáil le híoslódáil ar an gcainéal ar iTunes.

Tá iliomad amhrán ón gcartlann le cloisteáil ina measc Peigín Leitir Móir, Amhrán Chámuis, Roddy McCorley, An Cailín Deas Rua chomh maith le scéalta agus sceitsí eile.

Ar an oíche bronnadh gradam na meán sóisialta ar Leabharlann Náisiúnta na hÉireann;  gradam margaíochta ar Fáilte Ireland; gradam oideachais ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte don thionscadal Get Ireland Active agus bronnadh Gradam Móibíleach ar aip ghréasáin  a d’fhorbair Ionad Faisnéise an Saoránaigh.