Méid an Téacs

Iarrtha ag COGG ar an Roinn Oideachais gan an dara siollabas Gaeilge don Teastas Sóisearach a thabhairt isteach i mbliana

Márta 10, 2017

Creideann an Chomhairle um Oideachas Gaeilge agus Gaeltachta agus múinteoirí Gaeilge nach bhfuil an siollabas nua do chainteoirí líofa Gaeilge réidh le tabhairt isteach i Meán Fómhair mar atá beartaithe ag an Roinn Oideachais.

Tuigtear do Tuairisc.ie go bhfuil iarrtha ag COGG ar an Roinn Oideachais gan an siollabas nua do chainteoirí líofa Gaeilge don Teastas Sóisearach a thabhairt isteach i mbliana toisc go meastar nach bhfuil sé réidh fós.

Moltar sa litir atá seolta ag COGG, a bhfuil feidhm reachtúil orthu comhairle a chur ar an Roinn Oideachais i dtaobh a bpolasaí Gaeilge, nach dtabharfaí isteach an cúrsa nua i mbliana mar atá beartaithe ach go gcuirfí siar é go dtí Meán Fómhair 2018.

Bhí múinteoirí Gaeilge ar labhair Tuairisc.ie leo inné  ar aon phort le COGG nach bhfuil an t-ullmhúchán ceart déanta chun an dara siollabas a thabhairt isteach. Dúirt na múinteoirí sin gur ar éigean go bhfuil aon sonraí tugtha ag an Roinn Oideachais dóibh faoin siollabas nua, agus go bhfuil doiléire ag baint le pé sonraí atá tugtha dóibh.

Bhí amhras mór ar mhúinteoirí chomh maith go mbeadh aon téacsleabhar le dealramh réidh don chúrsa nua roimh thús na scoilbhliana seo chugainn.

“Tá dearcadh ‘it’ll be alright on the night’ léirithe ag an Roinn faoin scéal ar fad agus ní léir go dtuigeann siad féin cad atá i gceist leis an siollabas nua, ná le conas a dhéanfar daltaí a mheasúnú.

“An t-aon rud atá feicthe againn go dtí seo ná ‘na torthaí foghlama’, sin na spriocanna foghlama atá ag an Roinn don chúrsa nua, agus tá na spriocanna sin chomh haislingeach sin go gcuirfidís i gcuimhne duit iomaitheoir ag an gcomórtas Miss Universe a bheadh ag éileamh ‘síocháin ar fud an domhain’,” a dúirt múinteoir amháin.

Dúirt múinteoir eile nach raibh “tuairim faoin spéir” ag aon duine faoin dara siollabas Gaeilge don Teastas Sóisearach agus go raibh dearmad déanta aige fiú “go raibh a leithéid ag teacht” go dtí le déanaí.

Eagraíodh laethanta inseirbhíse do mhúinteoirí Gaeilge le déanaí chun iad a chur ar an eolas maidir le pleananna na Roinne don siollabas agus dúirt duine amháin a d’fhreastail ar cheann de na hócáidí gur mó ceisteanna ná freagraí a fuarthas le linn na hócáide sin. Dúirt sé freisin go bhfuil mearbhall níos mó anois air ina diaidh.

Thug an Roinn Oideachais le fios do na múinteoirí go bhfoilseofaí ‘an tsonraíocht’ maidir leis an siollabas nua as seo go ceann cúpla seachtain, ach ba bheag dóchas a bhí ag na múinteoirí a labhair le Tuairisc.ie go dtabharfadh foilsiú na sonraíochta sin chun soiléire an scéal.

Tuigtear do Tuairisc.ie go n-éilítear sa litir atá seolta ag COGG chuig an Roinn Oideachais go leanfaí leis an bhforbairt ghairmiúil a theastaíonn chun an siollabas nua a thabhairt isteach ar feadh bliana eile agus go gcinnteofaí go bhfuil an siollabas féin réidh le cur i bhfeidhm.

Tá lucht páirte an Ghaeloideachais ag éileamh le fada an lá go dtabharfaí isteach siollabas Gaeilge nua don Teastas Sóisearach agus don Ardteist a dhéanfadh freastal mar ba chóir ar riachtanais an chainteora dúchais agus an chainteora líofa Gaeilge.

Dúirt duine amháin a bhí páirteach san fheachtas fada go mba thrua anois dá dtabharfaí isteach siollabas “a chodail amuigh ar mhaithe lena thaispeáint go bhfuil rud éigin ar siúl”.

“Is mithid é a dhéanamh, is fiú é a dhéanamh, agus ba chóir é a dhéanamh ceart. Sin é é. Ní éireoidh leis más in aghaidh a dtola a chuirfear faoi bhráid na múinteoirí é sula mbíonn na sonraí ar fad ar eolas agus sula mbíonn an cur chuige ag teacht le riachtanais an dalta seachas riachtanais na Roinne,” a dúirt duine acu siúd a bhí lárnach i bhfeachtas ar son an dara siollabas don chainteoir dúchais.