Méid an Téacs

Imní faoin scéal nach mbeidh aon mhúinteoir breise á chur ar fáil in 2017/18 faoin bPolasaí Oideachais Gaeltachta

Feabhra 16, 2017

Tá imní léirithe ag an eagraíocht Gaeloideachas faoi ráiteas a rinne an Roinn Oideachais maidir le soláthar múinteoirí breise do scoileanna Gaeltachta faoin bPolasaí Oideachais Gaeltachta.

Fógraíodh an tseachtain seo nach mbeidh aon mhúinteoir breise á chur ar fáil do scoileanna Gaeltachta faoin bPolasaí don scoilbhliain 2017/18. Gealladh sa Pholasaí go mbeadh 30 múinteoir bunscoile agus 30 múinteoir iarbhunscoile breise ar fáil do scoileanna Gaeltachta ón scoilbhliain 2018/19 ar aghaidh.

Deir Gaeloideachas go bhfuil an baol ann anois nach mbeidh ar chumas na Roinne an plean a leagadh amach maidir le soláthar múinteoirí le Gaeilge a chur i bhfeidhm faoi thús na scoilbhliana i Meán Fómhair 2018.

Níl an clár oiliúna do bhunmhúinteoirí a luaitear sa Pholasaí, an Clár Oiliúna Tosaigh Múinteoirí, curtha amach ar tairiscint go fóill ag an Roinn Oideachais agus níl ach clár amháin a chuireann oiliúint i nGaeilge ar fáil do mhúinteoirí iarbhunscoile, an Mháistreacht Ghairmiúil in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Cáileoidh 34 múinteoir iarbhunscoile ón gcúrsa sin don scoilbhliain 2017/18. Deir Gaeloideachas nach leor an méid sin le freastal ar an éileamh atá ann ó scoileanna Gaeltachta.

“Saincheisteanna iad seo i dtaobh chur i bhfeidhm an Pholasaí agus cé go bhfáiltíonn muid roimh an Pholasaí féin, is gá soláthar cuí a dhéanamh le scoileanna a chumasú le tabhairt faoi, chun go mbraithfidh siad úinéireacht ar an bPolasaí agus go mbeidh sé mar thacaíocht seachas mar bhagairt acu.

“Tá Gaeloideachas ag súil go mór le bheith rannpháirteach sa choiste comhairleach chun go mbeidh guth na scoileanna féin le cloisteáil ag gach staid den phróiseas atá romhainn,” a dúirt Bláthnaid Ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach Gaeloideachas.

Mí Eanáir, ainmníodh an Dochtúir Treasa Kirk ina ceannaire ar an Aonad nua Gaeltachta sa Roinn Oideachais atá leis an bPolasaí Oideachais Gaeltachta a chur i bhfeidhm. Ainmníodh baill eile an Aonaid an mhí seo caite freisin, an Príomhoifigeach Cúnta, Roisin McCauley agus an tArdoifigeach Feidhmiúacháin, Derek Hollingsworth.

Seoladh an Polasaí Oideachais Gaeltachta ar an gCeathrú Rua i mí Dheireadh Fómhair seo caite. Caithfidh aon bhunscoil atá ag iarraidh aitheantas mar scoil Ghaeltachta feasta staonadh ó theagasc an Bhéarla sa chéad dá bhliain scolaíochta agus polasaí lán-tumoideachais a chur i bhfeidhm.

Go dtí seo b’ionann scoil Ghaeltachta agus aon scoil a bhí lonnaithe i gceantar oifigiúil Gaeltachta, ach ní hamhlaidh a bheidh níos mó agus stádas Gaeltachta ag brath feasta ar chritéir theangeolaíochta seachas ar an tíreolaíocht. Is é a bheidh i scoil Ghaeltachta ach a gcuirfear an polasaí i bhfeidhm “ná scoil a thiomnaíonn do na réimsí curaclaim agus na hábhair churaclaim uile a sholáthar trí mheán na Gaeilge” agus a oibríonn leis an bpobal trí mheán na Gaeilge.

Gealladh go gcuirfear an polasaí i bhfeidhm “de réir a chéile” ó Mheán Fómhair na bliana seo agus €1 milliún a bheidh ar fáil don obair sin an bhliain seo chugainn.

De réir an pholasaí, an chéad pholasaí dá leithéid ó bhunú an Stáit, ní hamháin go mbeidh ar an mbunscoil atá ag iarraidh aitheantas Gaeltachta a bhaint amach an tréimhse lán-tumoideachas a chur i bhfeidhm, ach beidh orthu a chinntiú chomh maith gur i nGaeilge amháin a dhéanfar gnó na scoile ar fad.

www.tuairisc.ie