Méid an Téacs

Ionad Cúraim Leanaí de luach €1 mhilliúin oscailte go hoifigiúil i gCarna

Meitheamh 26, 2012

Ba le hinfheistíocht de €1 mhilliún maoinithe ag Pobal agus Údarás na Gaeltachta a rinneadh forbairt ar Ionad Cúraim Leanaí úr i gCarna a osclaíodh go hoifigiúil ar 18 Meitheamh.

“Níl aon dabht go bhfuil ról criticiúil ag an ionad seo i dtaobh soláthar seirbhísí agus áiseanna réamhscolaíochta agus iarscoile Gaeilge”, a dúirt an tAire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Dinny McGinley agus é ag oscailt an Ionaid go hoifigiúil.

Bhí ról lárnach ag Forbairt Chonamara Láir Teo i dul chun cinn an Ionaid ó cuireadh tús leis an togra.

Tá thart ar 40 páiste ag freastal ar naíonra, naíolann agus ar sheirbhís iarscoile an Ionaid agus anuas ar ghnáthfheidhmiúchán an Ionaid cuirtear seirbhísí éagsúla ar fáil don cheantar Gaeltachta sa tslí go bhfeidhmíonn an tIonad mar spás le haghaidh grúpaí spraoi mar aon le campaí samhraidh.

Tá ochtar fostaithe san Ionad agus is mór an tacaíocht é an luathoideachas a chuirtear ar fáil ann don Ghaeilge sa phobal agus í mar phríomhtheanga teallaigh.

Cé nár osclaíodh an tIonad go hoifigiúil go dtí cúpla seachtain ó shin, tá seirbhísí á gcur ar fáil ann ó mhí Mheán Fómhair agus tá líon na bpáistí ag baint leasa as na seirbhísí sin tar éis fás ó 14 – 40 le linn an ama sin.

Foilsithe ar Gaelport.com