Méid an Téacs

Is mithid glacadh le cuireadh an Aire agus moltaí a chur ar aghaidh faoi oideachas na Gaeltachta…

Bealtaine 7, 2015

Ní mór an gean a bhíonn ag aon duine ar thuarascálacha Rialtais mar gur beag acu, mo léan, a chuirtear i bhfeidhm. “Ní dócha go mbeidh a leithéid indéanta sa ghearrthéarma i ngeall ar na costais féideartha a bhaineann leis” an lipéad a bhíonn faoi cholún an staid reatha go mion minic agus is ionann an scéal ag an dréachtpholasaí (Straitéis 20 Bliain?) don oideachas sa Ghaeltacht. Ach tá an taighde déanta arís agus aithnítear go hoifigiúil faoi dheireadh gur mionlach i scoileanna Gaeltachta anois na páistí a thógtar le Gaeilge agus go bhfuil riachtanais ar leith ag na páistí agus na scoileanna sin agus freagracht ar an Stát ina leith.

Ag tús seo an tSamhraidh, is mithid dearmad a dhéanamh ar an tsiléig agus glacadh le cuireadh an Aire Oideachais moltaí a chur ar aghaidh faon dréachtpholasaí nua, agus tugann sí an cuireadh sin do gach duine atá ina chónaí sa Ghaeltacht agus ní scéal tuismitheoirí ná múinteoirí amháin é seo. Beidh an polasaí nua sin á fhoilsiú roimh dheireadh na bliana.

Molaimse:

  • Deireadh le siollabas comónta do chainteoirí dúchais agus d’fhoghlaimeoirí. Sainchúrsa céimnithe a dhéanfaidh forbairt ar chumas, ar thuiscint agus ar mhuinín an chainteora dúchais ó aois a 4 go hArdteist
  • Cruinniú poiblí a eagrú i ngach scoil Ghaeltachta don phobal uilig leis an scéal uilig a phlé, dearcadh an mhórphobail a fháil agus moltaí a chur le chéile nó daoine a mhisniú lena gcuid moltaí a cheapadh
  • Seisiún eolais do thuismitheoirí na scoile a bhfuil páistí óga acu chun tionchar a gcinneadh teanga ar oideachas a gclainne a phlé go macánta gan aon imeaglú ná mór is fiú agus leas a bhaint as a bpáirtíocht agus a saintaithí
  • Forbairt ghairmiúil do phríomhoidí scoileanna Gaeltachta chun an polasaí Gaeilge a phlé, a chumadh agus straitéisí agus tacaíochtaí coincréiteacha a liostú agus a éileamh
  • Treoir shoiléir thrédhearcach do scoileanna maidir le daltaí a dteastaíonn scolaíocht uathu ach nach bhfuil dóthain Gaeilge acu le leas a bhaint as scoileanna aonteangacha Gaeltachta
  • Oiliúint dualgais agus cáilíocht dá réir do mhúinteoirí ar mian leo obair i scoileanna Gaeltachta ag gach leibhéal
  • Sainchúrsaí do mhúinteoirí ábhar maidir le béarlagair agus téarmaíocht a sainábhair féin agus a ról maidir le saibhriú theanga a ndaltaí
  • Lucht tacaíochta oideachais, comhairleoireachta agus sláinte a chur ar fáil do gach scoil Ghaeltachta trí Ghaeilge
  • Cuirtear pionós sa leithroinnt ar scoileanna Gaeltachta atá ag múineadh aon ábhar trí Bhéarla nó a chuireann scrúduithe, nótaí, téacsleabhair trí Bhéarla ar fáil agus bíodh sin mar chuid den mheasúnú iomlán scoile
  • Ná cloiseadh aon dalta Gaeltachta focal Béarla taobh istigh de bhallaí na scoile sa cheád dá bhliain a bheidh sí/sé ansin, ní áirím tosú á léamh
  • Ná glactar le haon mholadh faoi scoileanna Béarla do Bhéarlóiri sa nGaeltacht – déanaidís freastal ar chúrsaí Gaeilge sna laethanta saoire, cuirtear dianchúrsaí ar bun dóibh in ionaid faoi leith go dtí go mbeidh an Ghaeilge acu nó cuirtear bus ar fáil go ceantar Béarla
  • Glacadh an Chomhairle Mhúinteoireachta leis an bhfreagracht atá uirthi cáilíochtaí gairmiúla cuí a éileamh óna gcuid ball.

http://tuairisc.ie/is-mithid-glacadh-le-cuireadh-an-aire-agus-moltai-a-chur-ar-aghaidh-faoi-oideachas-na-gaeltachta/