Méid an Téacs

Lá Dearg Bhéal Feirste

Márta 27, 2014

Tá sé fógartha ag Conradh na Gaeilge go bhfuil bus a eagrú acu chun daoine a thabhairt go Béal Feirste don Lá Dearg, léirsiú ar son chearta Gaeilge sa tuaisceart, a bheidh ar siúl Dé Sathairn 12 Aibreán.

Ní mór ticéid a chur in áirithe roimh ré agus is féidir é sin a dhéanamh ach bualadh isteach chuig oifig Chonradh na Gaeilge, 45 Sr. Doiminic, nó is féidir do thicéid a cheannach freisin ar www.cnag.ie.

Tá an Lá Dearg á eagrú mar chuid den fheachtas, thuaidh agus theas, chun cearta teanga a bhaint amach do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta. Léirigh an tuairisc a d’fhoilsigh Comhairle na hEorpa, Athbhreithniú ar mhionteangacha sa Ríocht Aontaithe, i mí Eanáir seo caite, go bhfuil cosc á chur le fás agus cur chun cinn na Gaeilge i dTuaisceart Éireann mar thoradh ar dhearcadh naimhdeach i leith na teanga i Stormont agus easpa tacaíochta dá húsáid sna cúirteanna agus san oideachas, rud atá tar éis “treampán a chur ar fheidhmiú tráthúil, éifeachtach” Chairt na hEorpa do Theangacha Réigiúnach nó Mionlaigh ar fud na Ríochta Aontaithe.

Mar chuid de thuairisc Chomhairle na hEorpa freisin dúradh “nach féidir leis an Rialtas ó thuaidh údar a thabhairt don chosc ar úsáid na Gaeilge atá i bhfeidhm sna cúirteanna, agus iarrann ar Fheidhmeannas Thuaisceart Éireann reachtaíocht a achtú chun cearta teanga lucht labhartha na Gaeilge sna Sé Chontae a chosaint mar ábhar ollphráinne.”

D’fháiltigh Niall Comer, Uachtarán Chomhaltas Uladh de Chonradh na Gaeilge, roimh thacaíocht Chomhairle na hEorpa maidir le húsáid na Gaeilge sna cúirteanna i dTuaisceart Éireann, ar chomharthaí sráide dátheangacha ó thuaidh, agus ag ceadú do dhaoine trialacha saoránachta a ghlacadh trí Ghaeilge sna Sé Chontae.

Tá Conradh na Gaeilge ag impí ar Fheidhmeannas Thuaisceart Éireann aisghairm a dhéanamh ar an Acht um Riar na Córa (Teanga) (Éire) 1737 – a chuireann cosc ar úsáid teanga ar bith eile seachas an Béarla in imeachtaí cúirte – agus chun cur chun cinn na Gaeilge a chur roimh an pholaitíocht le cearta teanga agus comhionannas a thabhairt do phobal na Gaeilge ó thuaidh.

Galway Advertiser