Méid an Téacs

Lá Mór ar shráideanna Átha Cliath

Feabhra 20, 2014

Bhí Gaeltacht Chonamara agus pobal Gaeilge chontae na Gaillimhe fud fad an chontae go láidir i measc an tslua ollmhór a thug aghaidh ar shráideanna Bhaile Átha Cliath Dé Sathairn seo caite do Lá Mór na Gaeilge.

Is ceiliúradh teaghlaigh agus mórshiúl ollmhór ar son chearta teanga a bhí i Lá Mór na Gaeilge, agus tharraing an mórshiúl pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta agus Bhéarlóirí le dea-mhéin don teanga amach ar na sráideanna sna mílte lena dtacaíocht a léiriú don Ghaeilge. Arsa Donnchadh Ó hAodha, Uachtarán Chonradh na Gaeilge “Tá Conradh na Gaeilge fíorbhuíoch do na sluaite a tháinig amach sna mílte ar shráideanna Bhaile Átha Cliath Dé Sathairn chun seasamh a ghlacadh ar son a gceart teanga, agus chun tacaíocht an phobail don Ghaeilge a léiriú do na Rialtais thuaidh theas, go háirithe i bhfianaise na drochaimsire a bhí againn ar fud na tíre le seachtain anuas.

“Bhí gach duine den deich míle duine a d’fhreastail ar Lá Mór na Gaeilge sásta seasamh a ghlacadh ar son na teanga agus iad ag gníomhú chun todhchaí dár dteanga a chinntiú. Tá an dúshlán curtha ag lucht Lá Mór na Gaeilge ar na Rialtais thuaidh agus theas anois – an bhfuil siadsan sásta todhchaí a roghnú don Ghaeilge agus gníomhú ar ár n-éilimh láithreach?”

Deir Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge “Níl pobal na Gaeilge agus Gaeltachta thuaidh theas sásta le ceachtar an dá Rialtas mar gheall nach bhfuil siad ag tacú leo nó ag soláthar cosaint dlí sásúil dá gcearta bunúsacha daonna lena dteanga a úsáid. Níl sa mhórshiúl seo ach tús an fheachtais chun cothrom na Féinne a bhaint amach do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta ar fud an oileáin.”

www.advertiser.ie/galway