Méid an Téacs

Lámh chúnta do dhaltaí na hArdteiste le fáil i gclár úr TG4

Aibreán 3, 2012

Cuirfidh an t-aisteoir Marcus Lamb comhairle a leasa ar dhaltaí scoile atá ag ullmhú do bhéaltriail úr na hArdteistiméireachta sa chlár teilifíse ‘Cuireadh Chun Cainte’ atá le craoladh ar TG4  11 Aibreán ag 11am.

Is í seo an chéad bhliain do shiollabas nua Gaeilge agus don bhéaltriail ag leibhéal na hArdteistiméireachta.

Ó 2012 ar aghaidh, beidh 40% de mharcanna sa scrúdú iomlán ag brath ar an mbéaltriail leasaithe agus beidh na marcanna seo le gnóthú i dtréimhse ghairid ama, a mhairfidh thart ar 15 nóiméad.

Mar sin tá sé tráthúil go bhfuil  comhairle ó shaineolaithe oideachais curtha i dtoll a chéile don chlár a tabharfaidh leideanna do dhaltaí agus a chuirfidh ar a suaimhneas iad sula dtabharfaidh siad faoin bhéaltriail.

Ba iad Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus Comhar na Múinteoirí Gaeilge a léirigh an clár.  Tugtar léargas do mhúinteoirí agus do dhaltaí faoi cad le bheith ag súil leis sa scrúdú agus cén struchtúr a bheidh air.

Sa chlár míníonn an t-aisteoir Marcus Lamb (Ros na Rún, Corp agus Anam) leagan amach an scrúdaithe agus déanann sé tráchtaireacht ar bhréagscrúdú atá ar siúl os a chomhair. Chomh maith leis sin, tá na míreanna nua sa bhéaltriail á bplé agus á gcur i láthair aige.

Tá ceithre mhír sa bhéaltriail nua: Fáiltiú, Léamh na Filíochta, Cur síos ar Shraith Pictiúr agus Comhrá.  Tabharfaidh an clár eolas ar gach mír den bhéaltriail chomónta do dhaltaí atá ag tabhairt faoin ngnáthleibhéal nó faoin ardleibhéal.

Tá an clár seo oiriúnach do dhaltaí ag gach leibhéal cumais mar go mbeidh comhairle phraiticiúil ann maidir le conas na botúin choitianta a sheachaint agus le cumarsáid éifeachtach a dhéanamh leis an scrúdaitheoir.

Tá cuid den chlár dírithe ar dhaltaí a bhfuil Gaeilge líofa acu le cuidiú leo cur lena líofacht, lena stór focal agus lena scileanna cumarsáide roimh an scrúdú.

Tá ábhar breise ar fáil ar an suíomh Gréasáin http://www.gaelport.com/cuireadhchuncainte a bheidh ina chabhair do dhaltaí chomh maith. Tá na dánta go léir atá riachtanach don bhéaltriail le cloisteáil ann, chomh maith le lámhleabhar áisiúil do dhaltaí scoile.

GAELPORT