Méid an Téacs

Leabhar gleoite do phaistí le buachan ó Gaelport.com

Eanáir 15, 2013

An tseachtain seo, beidh deis iontach ag duine dhá leabhar ghleoite do ghasúir a buachan, leabhair atá foilsithe ag Comharchumann Forbartha an Leith-Triúigh atá lonnaithe in iarthar Chiarraí.
Rugadh agus tógadh an t-údar Máiréad Mag Uidhir i Luimneach. Chaith sí a saol ag múineadh ina cathair dhúchais, ag teagasc leanaí le Riachtanais Speisialta i Scoil Naomh Iosaf i Lios na Groí ar dtús agus ina dhiaidh sin ar feadh tríocha bliain i Scoil Íde, Corrbhaile.

Is leabhar beag álainn do pháistí é ‘Sicín’. Tá scéal iontach ann faoi ghearrcaigh bheaga atá ar tí an nead a thréigean. Tá trí cinn de ghearrcaigh ann ar fad: Mattie, Jenny agus Tiny.

Tarlaíonn na heachtraí sa scéal ar an Lá Speisialta a bhfuil na héin bheaga chun dul ag eitilt agus an nead a fhágáil den chéad uair ina saol. Is é Tiny laoch an scéil. Ceapann gach aon duine nach bhfuil sé cróga go leor chun dul ag eitilt as a stuaim féin ach cuireann sé an dubh ina gheal orthu go léir!

Is laochscéal beag deas é seo do pháistí san aoisghrúpa 4 – 8. Is scéal simplí, greannmhar dea-scríofa é faoi conas is féidir snámh in aghaidh an tsrutha agus tá ceacht tábhachtach le foghlaim ann: is féidir le gach duine a bheith ina laoch sa saol má tá sé/sí cróga go leor.

Tá an leabhar maisithe go hálainn le léaráidí deasa, daite ag Mary agus Emma Gilleece. Bheadh an leabhar seo an-oiriúnach sa rang do pháistí bunscoile san aoisghrúpa 4 – 8.

Ceist na seachtaine seo:

Ainmnigh údar an leabhair ‘Sicín’?

• Éilís Ni Dhuibhne
• Anna Heussaff
• Ríona Ní Congáil
• Máiréad Mag Uidhir

Seol freagraí agus ainm do scoile chuig an seoladh ríomhphoist seo a leanas: duais@comhdhail.ie roimh mheán lae, 24 Eanáir 2013 agus bíodh na focail “Comórtas Gaelport” mar ábhar an ríomhphoist.

Táimid fíorbhuíoch de Chomharchumann Forbartha an Leith Triúigh Teoranta a bhronn an duais iontach seo orainn.

Comhghairdeas le Padaí Ó Mianáin as Doire a bhuaigh na dlúthdhioscaí in eagrán na Nollag.

Foilsithe ar Gaelport.com