Méid an Téacs

Leanaí dátheangacha níos tuisceanaí faoi éagsúlacht daoine eile

Eanáir 22, 2015

Léiríonn staidéar nua gur fearr an tuiscint ag gasúir dhátheangacha ar thréithe an duine daonna ná gasúir aonteangacha.

Bíonn an tuiscint ar an saol ag gasúir dhátheangacha éagsúil ón tuiscint ar an saol a bhíonn ag gasúir aonteangacha, de réir staidéir nua ó Ollscoil Concordia i Québec Cheanada.

De réir an staidéir, is minic a chreideann gasúir óga go mbíonn tréithe áirithe ag ainmhithe agus ag daoine ó dhúchas. Is é sin le rá go gceapann gasúír gur sa mbroinn a shealbhaítear teanga agus nósanna iompair.

Léirítear sa staidéar nua ó Ollscoil Concordia, áfach, gur fearr an tuiscint atá ag gasúir dhátheangacha gur ón bhfoghlaim seachas ón dúchas a eascraíonn tréithe aigneolaíocha an duine.

Ba iad an tOllamh le haigneolaíocht Krista Byers-Heinlein agus a hiníon léinn Bianca Garcia a rinne an taighde. Mar chuid dá saothar, cuireadh scrúdú ar 28 gasúr, idir aonteangaigh, dhátheangaigh chomhuaineacha (a d’fhoghlaim an dá theanga le chéile) agus dhátheangaigh sheicheamhacha (a d’fhoghlaim an dá theanga i ndiaidh a chéile). Bhí na gasúir ar fad idir cúig agus sé bliana d’aois.

Chreid níos mó de na gasúr a raibh an dara teanga acu gur ón taithí a thagann tréithe an duine.

Mar chuid den staidéar, insíodh scéalta do na gasúir faoi leanaí a rugadh i Sasana ach a uchtaíodh san Iodáil agus faoi lachain ar tógadh i measc madraí iad. Fiafraíodh de rannpháirtithe an staidéir cé acu teanga, Béarla nó an Iodáilis, a labhródh na leanaí a rugadh i Sasana ach ar tógadh san Iodáil iad. Cuireadh cesit ar na gasúir chomh maith cé acu an ndéanfadh na héiníní lachain tafann nó vácaranach.

Fiafraíodh díobh freisin cé acu clúmh nó fionnadh a bheadh ar na héiníní.

Bhí na taighdeoirí ag súil go dtuigfeadh na dátheangaigh go bhfoghlaimítear teanga ach go dtuigfeadh na gasúir ar fad gur tréithe dúchasacha iad fuaimeanna agus tréithe coirp na n-ainmhithe.

Baineadh siar astu de bheagán nuair a léirigh na dátheangaigh sheicheamhacha tuiscint ar fhoghlaim teanga – bhí a fhios acu gur Iodáilis a labhródh leanaí a tógadh léi.

Ach chreid cuid mhaith de na dátheangaigh leis go mbeadh na héiníní a thóg na madraí ag rith agus ag tafann ar chuma na madraí féin.

“Rinneadh dátheangaigh agus aonteangaigh araon botúin, ach botúin dhifiriúla. Ba dhóichí go gceapfadh an t-aonteangach gur ón dúchas a tháinig gach gné, agus ba dhóichí go gceapfadh an dátheangach go bhfoghlaimítear gach rud,” a dúirt an tOllamh Byers-Heinlein.

Cuireann aigneolaithe an-spéis sna botúin a dhéanann gasúir mar go gcuireann na botúin chéanna le tuiscint an aigneolaí ar phróiséas forbartha an duine.

Léiríonn torthaí na taighde seo go soiléir go bhféadfadh rud bunúsach a dhéanann gasúr gach lá i réimse amháin den saol – foghlaim teanga – a mheon a athrú i leith go leor réimsí saoil eile.

Is mór na himpleachtaí sóisalta atá ag an staidéar, dar leis an ollscoil, mar go léirítear ann go bhféadfadh oiliúint luath sa dara teanga cur leis an nglacadh a bhíonn ag gasúir leis an éagsúlacht dhaonna, shóisialta agus fhisiciúil.

Foilseofar an staidéar ina iomláine san iris eolaíochta Developmental Science.

Scéal ó www.tuairisc.ie