Méid an Téacs

Leanann sága an SNM ar aghaidh

Lúnasa 29, 2012

Foras na Gaeilge ag iarraidh Samhail Nua Mhaoinithe a bhunú agus maireann na fadhbanna céanna i gcónaí.

Tá conspóid ann i gcónaí faoin dóigh a maoiníonn Foras na Gaeilge na heagrais Ghaeilge san earnáil dheonach. Chinn an Foras gan dul ar aghaidh leis an tSamhail Nua Mhaoinithe, ach níl na heagrais sásta le gnéithe de na moltaí nua. Tá eagras amháin ag cur i leith an Fhorais go bhfuil sin ag dul in éadan na dtreoracha ar dhea-chleachtais. De réir litreach ón bhForas, tuigtear gur sé théama ata i gceist acu ó thaobh na n-eagras.  Is iad na téamaí ná:

  • Gaeloideachas
  • Oideachas trí mheán an Bhéarla agus d’aosaigh
  • Ardú feasacht teanga agus cosaint teanga, agus teagmháil leis an dá Stát.
  • Imeachtaí tacaíochta agus úsáide teanga
  • Forbairt pobail
  • Forbairt ar ghréasáin úsáide Gaeilge don óige, agus forbairt ar dheiseanna úsáide Gaeilge dóibh.

Tuigtear go bhfuil difear idir e seo agus an tSamhail Nua Mhaoinithe mara go mbeidh níos mó ná eagras amháin ag plé le téama. Tá cruinniú le bheith i mBéal Feirste ar an Luan “leis na heagraíochtaí bunmhaoinithe a bhíonn ag plé le hArdú Feasachta, Cosaint na Gaeilge agus Teagmháil leis an dá Stát le plé a dhéanamh ar bhealach chun cinn don chuíchóiriú,” de réir litreach ó Sheán Ó Cuinn, Leas-Phríomhfheidhmeannach an Fhorais. I bhfreagra ar an litir, scríobh Aodán Mac Póilín, Stiúrthóir Iontaobhais Ultach, nach bhfuil an Foras sásta sonraí an phlean a thabhairt don earnáil: “Ní bealach é sin le plé oscailte ionraic a éascú, agus ní dhéanfaidh sé ach drochamhras agus mímhuinín a chothú.” Scríobh Mac Póilín go raibh “an cur chuige seo glan in aghaidh na dtreoracha ar dhea-chleachtas maidir le próisis chomhairliúcháin.”  Luaigh sé treoracha an Fheidhmeannais ó Thuaidh maidir le cinneadh a dhéanamh: “Beidh sé soiléir ó na cáipéisí seo, ní amháin go bhfuil sé inmholta, ach go bhfuil sé riachtanach ag aon eagras stáit atá ag plé le forbairt polasaí oiread eolais agus is féidir a thabhairt do na páirtithe leasmhara.  Tá an treoir sin ann le go mbeidh na páirtithe leasmhara in inmhe ionchur tairbheach a bheith acu sa phróiseas comhairliúcháin.  Tá an t-eolas riachtanach sin á cheilt ar an earnáil faoi láthair.” Ní raibh aon urlabhraí thar cheann an Fhorais ar fáil.

www.gaelsceal.ie