Méid an Téacs

Moltaí Polasaí ar Oideachas Gaeltachta seolta ag an Aire O’Sullivan agus ag an Aire McHugh

Bealtaine 7, 2015

Inniu, sheol an tAire Oideachais agus Scileanna, Jan O’Sullivan TD, agus an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh TD, plécháipéis, “Moltaí Polasaí don Soláthar Oideachais i Limistéir Ghaeltachta”.

Is é is aidhm leis na moltaí an t-oideachas lán-Ghaeilge sa Ghaeltacht a threisiú mar chuid den Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge.

Léiríodh san obair thaighde a chuidigh leis na moltaí a réiteach go mbíonn dúshláin shuntasacha roimh scoileanna Gaeltachta leis na dúshláin seo a shárú mar a bhaineann le scoláirí de chúlraí teanga baile atá an-éagsúil maidir le scileanna teanga Gaeilge. Is mionlach anois iad líon na scoláirí i scoileanna Gaeltachta atá á dtógáil le Gaeilge. Tá an Béarla ag teacht i dtreis níos mó i measc na bpobal Gaeltachta agus brú dá réir ag teacht ar scoileanna an teagasc trí mheán an Bhéarla a ghlacadh chucu féin.

Ag eascairt as na moltaí sa phlécháipéis, tá réimse beartas á gcur i láthair ar mhaithe le hoideachas lán-Ghaeilge ar ardcháilíocht a chinntiú do scoláirí i scoileanna Gaeltachta:

·        An sainmhíniú a bheadh ar scoil Ghaeltachta ná scoil a fheidhmíonn go hiomlán trí mheán na Gaeilge

·        Bheadh tréimhse thumoideachais ag bunscoileanna Gaeltachta, tréimhse nach ndéanfaí an Béarla a mhúineadh, i ranganna naíonán

·        Bheadh tacaí múinteoireachta breise le fáil ag cainteoirí dúchais

·        Bheadh spreagadh á thabhairt, agus tacaíocht á cur ar fáil, do scoileanna i limistéir Ghaeltachta atá ag teagasc trí mheán an Bhéarla faoi láthair an t-oideachas lán-Ghaeilge a ghlacadh chucu féin ar bhonn céimnithe

·        D’fhéadfaí soláthar a dhéanamh do scoileanna a bheadh ag feidhmiú trí mheán an Bhéarla, taobh le scoileanna lán-Ghaeilge, ach dóthain éilimh a bheith ann.

Ag labhairt di ag an seoladh, dúirt an tAire O’Sullivan: “Creidim go bhfuil an-tábhacht ag baint leis an nGaeltacht don teanga agus don chultúr. Tá a fhios agam gur féidir le scoileanna ról lárnach a bheith acu chun tacú le todhchaí na Gaeilge mar theanga bheo i limistéir Ghaeltachta. Ach tuigim freisin go bhfuil dúshláin mhóra roimh na scoileanna seo agus is féidir leis na moltaí uaillmhianacha seo tacú leis na scoileanna chun na dúshláin seo a shárú.”

Dúirt an tAire freisin: “Má chuirtear na moltaí seo i bhfeidhm, bheadh deis tairbheach ag scoileanna Gaeltachta lena sainiúlacht Ghaeilge a leagan síos agus cur lena gcumas chun oideachas lán-Ghaeilge ar ardcháilíocht a chur ar fáil. Creidim go bhféadfadh obair na scoileanna leis na moltaí polasaí a chur i bhfeidhm teacht leis na próisis pleanála teanga atá ar siúl i measc na bpobal Gaeltachta”.

Ag labhairt dó ag an seoladh, dúirt an tAire McHugh:

Tugtar le fios sna moltaí go mba chóir acmhainní breise a chur ar fáil do scoileanna Gaeltachta a dhéanann an teagasc trí mheán na Gaeilge. D’fhéadfadh tacaí teanga do chainteoirí dúchais a bheith i gceist leo seo, acmhainní feabhsaithe teagaisc, agus forbairt ghairmiúil do mhúinteoirí agus do phríomhoidí, agus curaclam cuí do chainteoirí dúchais.

Tá mórstaidéir thaighde mar bhonn leis na mioltaí seo, ar thaithí scoileanna Gaeltachta, agus ar chomhthéacsanna mionteangacha ar fud an domhain, mar shampla an Bhreatain Bheag, Albain, an Nua-Shéalainn, Tír na mBascach agus Ceanada. Chomh maith leis sin, chomhoibrigh An Roinn Oideachais agus Scileanna leis An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, le comhlachtaí ar nós An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) agus le taighdeoirí neamhspleácha ar mhaithe leis na moltaí a thabhairt chun cinn.

Sa tréimhse sé mhí amach romhainn, beidh comhairliúcháin ar na moltaí ar siúl. Beidh suirbhé, cruinnithe le páirtithe leasmhara, agus fóram san fhómhar i gceist leis seo.

Mar fhocal scoir, dúirt an tAire O’Sullivan: “Is ceist ríthábhachtach í seo do phobail Ghaeltachta, agus teastaíonn uaim a chinntiú go mbeidh polasaí againn mar ba cheart chun tacú leo. Tá obair thaighde déanta againn ach teastaionn uaim tuairimí scoileanna Gaeltachta agus tuairimí na bpobal Gaeltachta a fháil i dtaobh na moltaí seo, agus tá súil agam go nglacfaidh siad páirt sna comhairliúcháin atá le teacht.”

Nótaí don eagarthóir

Tá tuarascálacha ar an taighde cúlra agus an doiciméad polasaí ar fáil ag www.education.ie

Tá fáil ar an suirbhé comhairliúcháin

http://www.education.ie/ga/Preas-agus-Imeachtaí/Imeachtaí/Moltaí-Polasaí-Oideachas-Gaeltachta/Moltaí-Polasaí-Oideachas-Gaeltachta.html

– See more at: http://www.education.ie/ga/Preas-agus-Imeachta%C3%AD/Preasr%C3%A1itis/Preasr%C3%A1itis-2015/PR2015-05-05I.html#sthash.tSwvElnG.dpuf