Méid an Téacs

Mór-ócáid ‘carbhat dubh’ le ceiliúradh a dhéanamh ar Athbheochan na Gaeilge

Iúil 28, 2016

Beidh an tUachtarán Mícheál D. Ó hUigínn ina aoi oinigh ag ‘Féasta 100’ a bheidh ar siúl san ardchathair.

Déanfar ceiliúradh ar ‘Athbheochan na Gaeilge’ ag ócáid ‘carbhat dubh’ i mBaile Átha Cliath faoi Nollaig na bliana seo.

Is ar an 3 Nollaig a bheidh ‘Féasta 100’ ar siúl in Óstán an Double Tree Hilton san ardchathair le “comóradh agus ceiliúradh foirmiúil”  a dhéanamh ar an nGaeilge.

Beidh an tUachtarán Mícheál D. Ó hUigínn ina aoi oinigh ag ‘Féasta 100’ atá á eagrú ag na sé cheanneagraíocht Ghaeilge agus Foras na Gaeilge. Is é an t-aisteoir Diarmuid de Faoite a bheidh ina fhear a’ tí ag an ócáid agus beidh ceol ann ón ngrúpa Preabmeadar.

Beidh béile ceithre chúrsa ann agus gealltar clár siamsaíochta “atá nuálach, beomhar agus uathúil” le ceiliúradh a dhéanamh ar fhorbairt na Gaeilge le 100 bliain anuas. Gealltar go ndéanfar an ceiliúradh sin ar “bhealach úr comhaimseartha” a “fhanfaidh i gcuimhne na ndaoine a fhreastalóidh uirthi”.

Deirtear gur “imeacht náisiúnta” a bheidh ann a dhéanfaidh ceiliúradh ar an nGaeilge agus “gach a mbaineann léi sa Ghaeltacht agus lasmuigh di”.

Tá 700 ticéad don ócáid ar fáil ar Eventbrite anois agus costas €80 an duine orthu nó €800 do bhord do dheichniúr.

http://tuairisc.ie/mor-ocaid-carbhat-dubh-le-ceiliuradh-a-dheanamh-ar-athbheochan-na-gaeilge/