Méid an Téacs

Mórshiúl beartaithe ag lucht na Gaeilge

Eanáir 15, 2014

Tá mórshiúl mór gleoite á bheartú do Bhaile Átha Cliath le cearta agus comhionannas do mhuintir na Gaeilge agus na Gaeltachta a chur faoi bhráid an phobail.

Meascán d’agóidíocht agus de shiamsaíocht atá i gceist leis an pharáid a dhíreoidh ar an “ghéarchéim” a d’eascair as cinneadh Sheáin Uí Chuirreáin, an Coimisinéir Teanga, éirí as oifig ar an 23 Feabhra. Bunaíodh coiste oibre mar thoradh ar an chomhdháil phoiblí a reáchtáladh i mBaile Átha Cliath Dé Sathairn seo caite agus tá práinn le gníomhaíocht láithreach bonn, dar le hArd-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn.

“Le linn na comhdhála, tháinig muid ar aontas trí chéile nach raibh na rialtais ag oibriú go sásúil agus go mbeadh orainne mar phobal cinntiú go gcuirfí moltaí an choimisinéara i gcrích. “Sin an fáth go bhfuil muid ag beartú an feachtas a thabhairt amach ar na sráideanna le go dtig le pobal na tíre atá go mór i bhfách leis an teanga de réir gach suirbhé dá ndearnadh riamh, an tacaíocht sin a léiriú,” arsa sé. Beifear ag iarraidh ar gach aicme bheith páirteach san fheachtas — gníomhaithe na teanga agus iad siúd ar bheagán Gaeilge, an t-aos ealaíne, daltaí scoile agus duine ar bith a bhfuil cion acu ar an teanga agus a thuigeann a luach. Bhí mórshiúl den chineál céanna ó thuaidh, agus d’éirigh leis íomhá lucht labhartha na Gaeilge a athrú. “Caitheann daoine a thuigbheáil nach bhfuil muid ach ag iarraidh na gceart atá dlite dúinn,” arsa an tUasal de Spáinn.

Má éiríonn leis an mhórshiúl, beidh lucht tacaíochta na teanga ag dúil go spreagfaidh sé an pobal brú a chur ar a dTeachtaí Dála seasamh le Gaeilgeoirí, seasamh le Seán Ó Cuirreáin agus an comhionannas atá daingnithe sa bhunreacht a fhíorú.

www.independent.ie