Méid an Téacs

Múineadh na Gaeilge le plé ag Seimineár an Oireachtais

Samhain 2, 2011

Beidh ionadaithe ó ghrúpaí Gaeilge éagsúla i mbun cainte ar mhúinteoireacht agus ar mhúineadh na Gaeilge an deireadh seachtaine seo  i gCill Airne ag seimineár Oireachtais Chonradh na Gaeilge.

Beidh an seimineár, atá eagraithe ag Conradh na Gaeilge, ag plé na ceiste “An gcuirfear oiliúint shásúil Ghaeilge ar ár múinteoirí?”

Is iad Áine Lawlor, Príomhfheidhmeannach ar An Chomhairle Mhúinteoireachta, Muireann Ní Mhóráin, Príomhfheidhmeannach ar An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, Seán Ó Coinn, atá ina leas-phríomhfheidhmeannach agus stiúrthóir séirbhísí Oideachais, Foras na Gaeilge agus Treasa Ní Mhainín, Príomhfheidhmeannach ar Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta a bheas mar aoichainteoirí ann.

Beidh Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Donnchadh Ó hAodha, mar chathaoirleach ar an seimineár agus dar leis tá gá aghaidh a thabhairt ar cheann de na gnéithe is tábhachtaí sa Straitéis, is é sin sin múineadh na Gaeilge.

“Tá fás agus borradh na teanga ag brath go mór ar an gcóras oideachais agus ar ár múinteoirí sa tír seo, áit a áirítear idir mhúinteoirí i scoileanna Béarla agus i scoileanna Gaeilge araon, mar sin is ceist ríthábhachtach í”, a deir sé.

Tosóidh an seimineár ag 11 r.n Dé Sathairn, 5 Samhain, in Ostán an Gleneagle i gCill Airne.

Beidh fáiltiú i ndiaidh an tSeimineáir ag 1 i.n agus seolfar cúrsa Rith 2012 agus Feasta mhí na Samhna chomh maith.

©Foilsithe ar Gaelport.com