Méid an Téacs

Múscraí á thréigean in áit Oireachtas na Samhna

Deireadh Fómhair 23, 2013

BEIDH na sluaite móra ó Ghaeltacht Mhúscraí i láthair ag Oireachtas na Samhna, nuair a filleann príomhfhéile bhliantúil na nGael ar Chill Airne an tseachtain seo chugainn.

Osclaíonn an tOireachtas ar an Máirt, 29ú Deireadh Fómhair, le formhór na n-imeachtaí ag tarlú in Óstán an Gleneagle/an INEC i rith na seachtaine. Beidh beirt bhan ó Mhúscraí – Eibhlís Uí Thuama agus Nell Ní Chróinín, iad beirt ó Bhéal Átha’n Ghaorthaidh – ag glacadh páirte i mbliana i bpríomhchomórtas an Oireachtais, Corn Uí Riada. Sna comórtais amhránaíochta eile beidh Seosaimhín Ní Chróinín ó Bhaile Mhic Íre agus Síle Uí Luasa ó Screathan, Cúil Aodha, san iomaíocht do Chorn Mháire Nic Dhonnchadha, fad a bheidh Cathal Ó Riada agus Seán Ó Luasa, an bheirt acu ó Chúil Aodha, ag tabhairt faoi Chorn Cuimhneacháin Amhránaithe Sean-Nóis Chonamara.

Beidh triúr bhan ó Chúil Aodha – Ruth Ní Riada, Aoife Ní Mheachair agus Muireann Ní Luasa – i measc na n-iomaitheoirí do Chorn Cuimhneacháin Sheáin Óig Uí Thuama, fad a bheidh Máire Ní Chéileachair san iomaíocht do Chorn Phádraig Mhic an Rí. Beidh Liam Ó Cróinín ó Bhéal Átha’n Ghaorthaidh, Seosamh Ó Críodáin, Fiontán Ó Meachair agus Eoiní Maidhcí Ó Súilleabháin ó Chúil Aodha san iomaíocht do Chorn Cuimhneacháin Chiaráin Uí Chonceanainn. I measc na n-iomaitheoirí sna comórtais sceitse, lúibíní, amhrán saothair agus amhráin nuachumtha beidh Máire de Búrca, Seosamh Ó Críodáin, Seán Ó Muimhneacháin agus Aisteoirí Chill na Martra.

Ach tá an rannpháirtíocht is mó ar thaobh na ndaoine óga, le 12 iontráil ó cheantar Mhúscraí i gcomórtais amhránaíochta ar an sean-nós; seachtar déag ag glacadh páirte i lúibíní agus líon ollmhór 67 ógánach ag glacadh páirte sna hagallaimh beirte, mar thoradh a bheag nó a mhór ar an teagasc agus spreagadh á dtabhairt do pháistí sna scoileanna áitiúla trí scéimeanna Aisling Gheal agus Béal Beo.

www.eveningecho.ie

Foilsithe ar Gaelport.com 23 Deireadh Fómhair 2013

Evening Echo – Pet OConnell