Méid an Téacs

Na Gaelcholáistí ‘is fearr’ sa Stát

Meán Fómhair 1, 2015

Ní hamháin go bhfuil Coláiste Chnoc na Labhras ar an nGaelcholáiste ‘is fearr’ sa tír ach tá sé ar an scoil dara leibhéal ‘is fearr’ sa tír in aon teanga, dar le staitisticí atá foilsithe ag an nuachtán The Sunday Times. Don dara bliain as a chéile, tá a áit coinnithe ag an gcoláiste lán-Ghaeilge ar bharr an liosta.

Bhí Gaelcholáiste ar bharr an liosta i ngach aon chúige freisin; Coláiste Íosagáin i gCúige Laighean, Coláiste na Coiribe i gCúige Chonnacht agus Coláiste Oiriall i gCúige Uladh (taobh amuigh de scoileanna Thuaisceart Éireann). B’amhlaidh an scéal ar liosta na bliana seo caite ach amháin go raibh Coláiste Ailigh, Gaelcholáiste eile, i gContae Dhún na nGall ar bharr liosta Uladh.
Tá scagadh déanta ag Tuairisc.ie agus liosta de na 20 Gaelcholáiste is fearr sa tír curtha i dtoll a chéile bunaithe ar an eolas a bhailigh an t-iriseoir, Kate Butler, don Sunday Times.

Tá scaipeadh leathan ar na Gaelcholáistí ‘is fearr’ sa Stát, ó Dhún na nGall go Loch Garman agus ó Mhuineachán go Ciarraí.
Bunaíodh na staitisticí ar eolas a bailíodh faoi líon na ndaltaí i scoileanna uile na tíre a chuaigh chun cinn go dtí príomhinstitiúidí tríú leibhéal na tíre, ach is iad na daltaí a chuaigh chuig na hollscoileanna amháin a húsaideadh leis an ord fiúntais a shocrú.

Shleamhnaigh aon cheann déag de na scoileanna lán-Ghaeilge ón áit a raibh siad ar liosta na bliana seo caite – cuid acu os cionn ceathracha áit síos. Tháinig ardú ar naoi scoil – léim Coláiste an Eachréidh, atá ag 19 ar liosta na scoileanna lán-Ghaeilge, ó 244 ar an liosta náisiúnta sa bhliain 2014 go dtí 165 ar liosta na bliana seo.

LiostaTuairisc

Is éard atá i gceist le ‘céatadán ar an tríú leibhéal’ sa tábla thuas ná meánlíon na ndaltaí ón scoil a chláraigh le hinstitiúid tríú leibhéal le linn na mblianta acadúla 2012-13, 2013-14 agus 2014-15.

Áirítear leis sin daltaí a chláraigh le ceann acu seo: na seacht n-ollscoil i bPoblacht na hÉireann; na coláistí oiliúna sa Phoblacht; an RSCI nó an NCAD; cúrsa lánaimseartha fochéime in institiúidí tríú leibhéal i dTuaisceart Éireann; nó aon choláiste tríú leibhéal eile atá á mhaoiniú ag an Stát. Fágadh cúrsaí príobháideacha ar lár.

Foilsíodh tuairisc ar na hiar-bhunscoileanna ‘is fearr’ sa Ghaeltacht ar Tuairisc.ie inné.

www.tuairisc.ie