Méid an Téacs

Na mílte ag siúl ar son na Gaeilge

Eanáir 29, 2014

Beidh glórtha Gaelacha ag baint macalla as sráideanna Bhaile Átha Cliath an 15 Feabhra nuair a ghluaisfidh mórshiúl ar son cearta teanga trí lár na príomhchathrach.

Seo an chéad uair le deich mbliana a eagraíodh léirsiú náisiúnta ar son na Gaeilge agus táthar ag súil go dtiocfaidh na mílte duine amach chun cothrom na féinne don teanga a iarraidh ar an rialtas. Tá liosta suntasach gearán ag pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta i bhfianaise éirí as an Choimisinéara Teanga, Seán Ó Cuirreáin, ag tús mhí na Nollag mar gheall ar easpa tacaíochta ón rialtas do chearta teanga, seirbhísí stáit as Gaeilge ach go háirithe. Ní ba luaithe an mhí seo léirigh tuairisc ó Chomhairle na hEorpa go bhfuil cosc á chur ar chur chun cinn na Gaeilge sa Tuaisceart mar thoradh ar dhearcadh naimhdeach i leith na teanga i Stormont, agus easpa tacaíochta don teanga sa chóras oideachais agus dlí.

Is é Conradh na Gaeilge atá ag glaoch an léirsithe, le comhoibriú ó ghrúpaí eile teanga, agus tá tuairim choitianta ann nach mór do mhórphobal na teanga an deis a thapú anois chun teacht le chéile ar bhonn náisiúnta agus an fód a sheasamh ar son thodhchaí na teanga. “Tá luas ag teacht leis an eagrú don Lá Mór,” arsa Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge. “Beidh cruinnithe poiblí ag tarlú ar fud na tíre idir seo agus an Lá Mór féin chun an cur chuige áitiúil a aontú agus tá a fhios againn go bhfuil busanna eagraithe cheana féin ó gach cúige, mar sin tá muid ag súil go mbeidh slua suntasach i láthair.” Tosóidh an Lá Mór ag an Ghairdín Cuimhneacháin ag Cearnóg Parnell ar 2in agus, mar aon le haoichainteoirí, beidh ceol beo ann ó Kíla, Seo Linn agus Na Fíréin.

www.independent.com