Naíscoil na Daróige diúltaithe ag Aire Oideachais
Lúnasa 22, 2012
Tá iarratas chun naíolann lánaimseartha a fhorbairt i nDoire diúltaithe ag Aire Oideachais an Tuaiscirt, John O’Dowd.
Rinne Gaelscoil na Daróige iarratas go n-athrófaí Naíscoil Mhaol Íosa, atá lonnaithe ar thailte na scoile, ó bheith ina ghrúpa spraoi deonach go dtí a bheith ina naíolann lánaimseartha ach níor ghlac an tAire leis an moladh.
“Is féidir le tuismitheoirí rogha a dhéanamh a gcuid páistí a theagasc trí mheán na Gaeilge agus tá muinín agam gur féidir leis an soláthar réamhscolaíochta Gaeilge sa cheantar freastal a dhéanamh orthu,” arsa O’Dowd.
Mhaígh an Roinn go raibh beagnach leath de na spáis atá ceadaithe i naíolanna sa cheantar folamh.
Cháin Mark Durkan ón SDLP an cinneadh, áfach.
“Ó bunaíodh é, tá áit bainte amach ag Gaelscoil na Daróige i gcroílár an phobail i mBaile Mhic Robhartaigh agus tá an-díomá orm go bhfuil John O’Dowd ó Shinn Féin ag diúltú naíolann sa scoil a fhorbairt,” a dúirt an Durcánach.
www.gaelsceal.ie