Méid an Téacs

Ní hamháin Gaelach ach iolrach chomh maith

Iúil 3, 2013

Dhéanfadh an polasaí nua iontrála scoile ag an Aire Oideachais dochar as cuimse do Ghaelscoileanna, ach an bhfuil na Gaelscoileanna féin saor ó locht, a fhiafraíonn Fachtna Ó Drisceoil.

DE THORADH reachtaíochta faoi pholasaithe iontrála scoile atá á hullmhú ag an Aire Oideachais, tá an chuma ar an scéal go gcuirfear iachall orm féin agus ar mo bhean chéile ár bpáistí, atá á dtógáil le Gaeilge againn, a chur chuig an scoil Bhéarla áitiúil seachas chuig an Ghaelscoil is giorra dúinn. Beidh teaghlaigh Ghaelacha eile sa chruachás céanna.

Tá Ruairí Quinn ag beartú leasuithe ar pholasaithe iontrála scoile le cothrom na Féinne a thabhairt d’inimircigh, do pháistí a bhfuil deacrachtaí foghlama acu agus d’aicmí sóisialta éagsúla. Do leag an tAire amach a phlean ar dtús i bplé-cháipéis sa bhliain 2011. Thug sé le fios gur chóir cosc a chur ar scoileanna tús áite a thabhairt do pháistí le hiardhaltaí na scoile agus do pháistí le baill foirne na scoile i bpolasaithe iontrála. Thug sé le fios freisin gur chóir deireadh a chur leis an gcóras ina dtugtar tús áite do na tuismitheoirí is túisce a chláraíonn ainmneacha a bpáistí. Córas é seo a fhágann inimircigh nó daoine a bhogann go ceantar nua faoi mhíbhuntáiste.

Shíl an tAire go mbeadh sé níos cothroime dá dtabharfadh scoileanna tús áite do pháistí a bhfuil cónaí orthu i gcomharsanacht na scoile. Bheadh cead fós ag scoileanna le héiteas creidimh tús áite a thabhairt do lucht an chreidimh sin. Ní bheadh cead, áfach, ag scoileanna lán-Ghaeilge cumas teanga na bpáistí nó na dtuismitheoirí a chur san áireamh ina gcuid polasaithe iontrála siadsan. Toisc an ró-éileamh atá ar áiteanna i nGaelscoileanna in go leor ceantar sa tír, fágfaidh an t-athrú polasaí seo nach n-éiríodh le céatadán ard de theaghlaigh Ghaelacha oideachas trí Ghaeilge a fháil dá bpáistí. Déanfaidh sé dochar freisin, dár ndóigh, d’éiteas lán-Ghaelach na scoileanna sin, sa mhéid is go dtacaíonn geilleagrach na tíre. Shílfeá go mbeadh sé mar scéal ollmhór ar leithéidí TG4, RTÉ Raidió na Gaeltachta, Comhar agus Gaelscéal nuair a bhí sé ar an bhfód. Shílfeá go mbeadh sé á tharraingt anuas sa Dáil agus sa Seanad ag polaiteoirí atá fabhrach don Ghaeilge agus go mbeadh litreacha san Irish Times faoi. Ach is anois agus an t-alt seo á scríobh go bhfuil lucht na Gaeilge ag múscailt. Tá ceist Dála curtha ar deireadh ag Éamon Ó Cuív faoi, tá Seacht Lá ar TG4 á chlúdach, tá an t-alt seo coimisiúnaithe ag eagarthóir Comhar agus tá grúpa tuismitheoirí bunaithe faoin ainm Cearta Oideachais chun cur i gcoinne an phlean. Más mall is mithid. Is fíor nach bhfuil cáil ar Quinn mar dhuine a bhfuil aon bhá mór aige leis an nGaeilge. Ba é a chuir deireadh leis an deontas Gaeltachta do na hábhair oidí, agus a rinne COGG a chónascadh leis an NCCA, gan ach dhá shampla a lua. Ach tá sé sin ar fad ar eolas ag cuid mhaith de léitheoirí na hirise seo cheana féin agus ró-éasca a bheadh sé léasadh pinn a thabhairt dó, ag tabhairt le fios gurb é an tAire Oideachais is frith-Ghaelaí riamh é. Ina áit sin, b’fhearr liom an deis seo a thapú le leas a bhaint as an bhfóram seo chun an cheist a chur – an bhfuil aon locht ar phobal na Gaeilge agus na Gaelscolaíochta sa scéal seo?

Dúirt polaiteoir sinsearach rialtais liom go bhfuil dearcadh ag daoine áirithe, feidhmeannaigh sa Roinn Oideachais ina measc, go roghnaíonn tuismitheoirí meánaicmeacha an Gaeloideachas ionas nach mbeidh orthu a bpáistí a chur chuig gnáthscoileanna náisiúnta in éineacht le hinimircigh, páistí a bhfuil deacrachtaí foghlama acu agus daoine den lucht siúil. Anois, ghlacfainn féin leis an méid sin mar mhasla agus tá a fhios agam nach bhfuil a leithéid de thuairim cruinn nó féaráilte i gcás daoine atá ag cur dua orthu féin a bpáistí a thógáil le Gaeilge, nó i gcás duine ar bith a bhfuil fíor-ghrá acu don Ghaeilge. Ach an gcreideann muid inár gcroí istigh nach bhféadfadh an méid thuas a bheith fíor faoi roinnt de na tuismitheoirí a chuireann a bpáistí chuig Gaelscoileanna? Céard faoi na daoine sin nár léirigh spéis riamh sa Ghaeilge go dtí go raibh oideachas bunscoile le cur ar a bpáistí nó na daoine nach gcuireann suim dá laghad sa Ghaeilge ach amháin le linn na tréimhse sin go mbíonn a bpáistí ag freastal ar scoil lán-Ghaelach?

Má táimid le bheith ionraic faoi seo, caithfimid a rá go bhfuil an saol níos éasca ag scoil ar bith nach mbíonn uirthi déileáil le mórán páistí a bhfuil deacrachtaí foghlama acu, ná le hinimircigh ná le páistí de chuid an lucht siúil ná mionlaigh imeallaithe eile. Glacaim leis nach mbeadh fonn ar roinnt mhaith tuismitheoirí páistí a bhfuil deacrachtaí foghlama acu a chur chuig Gaelscoil ar aon nós agus tá a fhios agam go bhfuil Gaelscoileanna áirithe níos fearr ná a chéile sa mhéid seo. Ach mar sin féin, ní foláir an cheist a chur: an raibh a lán de Ghaelscoileanna na tíre beagáinín ró-chompordach leis an status quo? Níor chun leas na Gaeilge é na Gaelscoileanna gan a bheith ionadaíoch ar an tsochaí ina mairimid, go háirithe ó thaobh inimirceach de. An ndearna Gaelscoileanna trí chéile dóthain le páistí na nÉireannach nua agus dreamanna eile a mhealladh? Tá a fhios agam faoi Ghaelscoil amháin a bhfuil sé mar pholasaí acu tús áite a thabhairt do pháistí a bhfuil deacrachtaí foghlama acu agus do mhionlaigh éagsúla i gcás deich faoin gcéad dá n-áiteanna. Eisceacht í an scoil sin, áfach, agus is beag duine de na mionlaigh sin a ghlacann leis na háiteanna. Ní bhaintear amach an cuóta deich faoin gcéad ná baol air, ach ar a laghad ní féidir le héinne a chur i leith na scoile seo nach bhfuil iarracht á déanamh acu. Dá mbeadh leagan éigin den pholasaí sin ag gach Gaelscoil sa tír, is iontach an chosaint a thabharfadh sé ar ionsaithe polaitiúla leithéidí Ruairí Quinn. Agus seans go ndéanfadh se leas beag éigin d’iolrachas na nGaelscoileanna freisin.

Tá imní ann, agus cúis leis, go bhfuil scoileanna áirithe – ní Gaelscoileanna amháin – ag baint úsáide as cleachtais ar nós agallamh a chur ar thuismitheoirí agus ar pháistí chun an ‘daoscarshlua’ a choimeád amach. Tá Gaelscoileanna ann a deireann go soiléir go dtugann siad tús áite do pháistí atá á dtógáil le Gaeilge, rud atá réasúnta, trédhearcach agus inchosanta. Is féidir a mheas go measartha cruinn cé acu an bhfuil Gaeilge ag an bpáiste réamhscoile nó nach bhfuil. Glactar leis go hidirnáisiúnta go bhfuil riachtanas ar leith ar chainteoirí mionteanga le hoideachas a fháil ina máthairtheanga. Ní thógann na páistí seo ach líon beag – níos lú ná 5% – d’áiteanna i nGaelscoileanna.

Ach tá an cur chuige atá ag Gaelscoileanna áirithe ag cur leis an tuairim abhus go bhfuiltear ag baint leasa as an teanga mar uirlis chun daoine a choimeád amach. Seo iad na scoileanna a thugann tosaíocht mar shampla do ‘leanaí agus teaghlaigh a léiríonn an-spéis sa Ghaeilge a úsáid agus san oideachas trí Ghaeilge’. I ré seo na trédhearcachta, an bhfuil a leithéid de fhoraíl trédhearcach, oibiachtúil agus slán i gcoinne mí-úsáide? Nach armlóin atá ina leithéid do Ruairí Quinn agus dóibh siúd sa Roinn Oideachais agus sna meáin Bhéarla atá naimhdeach don Ghaelscolaíocht? Nárbh fhearr gan ach díriú ar chearta oideachais na bpáistí atá á dtógáil le Gaeilge? Agus b’fhéidir go dtabharfadh sé seo spreagadh beagáinín níos mó do dhaoine a bhfuil Gaeilge acu í a labhairt lena bpáistí, seachas a bheith ag brath ar an scoil chun í a thabhairt dóibh. D’fhéadfadh go gcuirfidh deacrachtaí bunreachtúla bac ar an reachtaíocht faoi na polasaithe iontrála scoile atá á beartú ag Ruairí Quinn. Má tharlaíonn sé sin ba mhór an faoiseamh a bheadh ann dom féin agus do mo bhean chéile agus do theaghlaigh Ghaelacha eile. Ach ba thrua freisin nach dtabharfaí aghaidh ar roinnt den éagothromaíocht i gcóras scoileanna na tíre. Seachas díreach a bheith ag iarraidh an status quo a chosaint, nár chóir do Ghaelscoileanna a bheith chun tosaigh ag troid ar son an iolrachais agus ar son chothrom na Féinne?

Iris COMHAR