Méid an Téacs

Níos mó béime ar scíthléitheoireacht- Comhdháil léitheoireachta

Meán Fómhair 25, 2012

D’oscail Aire Stáit na Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich, TD, Comhdháil faoin Léitheoireacht go hoifigiúil Dé hAoine seo caite, 21 Meán Fómhair 2012, in Ionad Comhdhála Marino i mBaile Átha Cliath.

Is iad Foras na Gaeilge, an comhlacht Thuaidh/Theas atá freagrach as an nGaeilge a chur chun cinn a d’eagraigh an chomhdháil. D’fhreastail idir léitheoirí, scríbhneoirí, fhoilsitheoirí, mhúinteoirí, iriseoirí, léirmheastóirí, agus ionadaithe ó choláistí oiliúna agus ó institiúidí tríú leibhéal ar fud na tíre ar an gcomhdháil.

Ag caint dó ag an oscailt, labhair an tAire faoin sult a bhain sé féin as leabhair a linne, cinn chlann Mhic Grianna agus Chathail Uí Shándair, mar shampla, a léamh agus a athléamh nuair a bhí sé óg. Mhol sé gur cheart an córas cuí a chur i bhfeidhm lena chinntiú go mbeidh deis ag léitheoirí an lae inniu, idir óg agus aosta, taitneamh a bhaint as an rogha leabhar den scoth, ríomhleabhair san áireamh, atá á bhfoilsiú ag foilsitheoirí na Gaeilge.

San osradharc ar earnáil na leabhar a thug Seán Ó Coinn, Leas-Phríomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, agus sna cainteanna ó na foilsitheoirí éagsúla a bhí páirteach sa chomhdháil, léiríodh go bhfuil meánfhigiúirí díolacháin na bhfoilsitheoirí Gaeilge ag teacht le meándíolachán leabhair na bhfoilsitheoirí Béarla in Éirinn, rud a léiríonn go bhfuil neart léitheoirí Gaeilge ann agus go bhfuil siad sásta leis an rogha leabhar atá ar fáil.

Ach mar sin féin, tá neart oibre le déanamh le níos mó béime a chur ar an scíthléitheoireacht nó ar an léitheoireacht mar chaitheamh aimsire taitneamhach seachas an léitheoireacht acadúil nó scoilbhunaithe. Tugadh le fios go bhfuil gá le cur chuige comhtháite i leith na meán i gcoitinne, agus i leith na poiblíochta agus na margaíochta, go háirithe, chun go mbeidh pobal mór na Gaeilge agus pobal na tíre trí chéile ar an eolas faoi na leabhair den scoth atá ar fáil i nGaeilge.

Thug Rachel Van Riel, bunaitheoir agus Stiúrthóir Opening the Book, eochairchaint an-spreagúil uaithi. Labhair sí faoi choincheap fhorbairt an léitheora, agus ar na samplaí ar dhírigh sí orthu bhí feachtais léitheoireachta a d’eagraigh Opening the Book i dtíortha dhátheangacha amhail an Bhreatain Bheag agus an Iorua. Bhí Opening the Book ar thús cadhnaíochta san athrú meoin a tharla i leabharlanna na Breataine agus i dtíortha eile maidir le cothú na léitheoireachta, nó forbairt an léitheora, mar a thugtar air. Tá leabharlannaithe i ngach contae in Éirinn tar éis cúrsa oiliúna a dhéanamh faoi scáth Opening the Book.

Thug duine d’eagraithe na comhdhála, Aedín Ní Bhroin, Stiúrthóir Chlár na Leabhar Gaeilge, an rannóg d’Fhoras na Gaeilge a bhíonn ag plé le foilsitheoireacht, scríbhneoireacht agus léitheoireacht na Gaeilge, le fios go raibh sí an-sásta le himeachtaí na comhdhála.

“Bhí cainteoirí den scoth ann agus rinneadh plé oscailte ar na fadhbanna atá san earnáil. Ach, thar aon rud eile, léiríodh go bhfuil ardchaighdeán sna leabhair atá á bhfoilsiú agus gur trua nach bhfaigheann siad níos mó poiblíochta.

Tá súil agam go gcabhróidh an chomhdháil linn níos mó daoine, idir óg agus aosta, a mhealladh i dtreo an tsaibhris litríochta atá le fáil i nGaeilge.”

Cuirfear moltaí a rinneadh ag an chomhdháil san áireamh nuair a bheidh straitéis don léitheoireacht á forbairt ag Foras na Gaeilge sna míonna amach romhainn.

Foilsithe ar Gaelport.com