Méid an Téacs

Aitheantas Oifigiúil do cheithre scoil i dTuaisceart Éireann

Lúnasa 12, 2010

Fógraíodh le déanaí gur éirigh le ceithre Ghaelscoil i dTuaisceart Éireann aitheantas oifigiúil a fháil ón Roinn Oideachais don chéad bhliain scoile eile.

Cúis mhór áthais a bhí ann do na tuismitheoirí agus eagrais áitiúla a chur tús lena bhfeachtais tamall fada ó shin gaelscoileanna a bhunú i Machaire Fíolta agus i Léim an Mhadaidh i gContae Dhoire agus i gCill Chaoill i gContae an Dúin agus i mBaile Meánach i gContae Aontroma.

Táthar ag súil go mbeidh na scoileanna ag oscailt ar an gcéad lá de Mheán Fómhair i mbliana má éiríonn leis na scoileanna coinníollacha na Roinne a shásamh.

Gan amhras,  bhí an dea-scéal á cheiliúradh sa halla rince in Óstán an Europa i mBéal Feirste coicís ó shin,  áit a raibh oíche tiomsaithe airgid ann ar son Ghaescoil an tSeanchaí  atá mar cheann de na scoileanna a fuair aitheantas an tseachtain seo.

Bronnadh aitheantas ar na scoileanna seo de bharr an éilimh atá ann ar an nGaelscolaíocht sna ceantair scoile seo.
Níl sé as an áireamh go mbunófaí gaelcholáistí nó iar-bhunscoile sna ceantair sin amach anseo ach oiread.

Fuair iarratas na scoileanna tacaíocht ó Chomhairle na Gaelscolaíochta atá den tuairim go mbeidh deiseanna forbartha eile ann sna ceantair seo ag brath ar an éileamh a bheidh ann don Ghaelscolaíocht iar-bhunscoile.

©Gaelport.com 10 Lúnasa 2010