Méid an Téacs

Oíche Mhór ar son na Gaelscolaíochta

Iúil 27, 2010

Beidh Pádraig Ó Sé, Jon Saunders agus Desi Kelliher ar stáiste i mBéal Feirste ag an deireadh seachtaine d’oíche mhór siamsaíochta ar son Ghaelscoil an tSeanchaí Macaire Fíolta i nDoire.

Níl aitheantas faighte ag an scoil ón Roinn Oideachais go fóill in ainneoin na n-iarrachtaí atá ar bun i measc an phobail áitiúil.

Is é Iontaobhas na Gaelscolaíochta i gcomhpháirt  le Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain atá ag reáchtáil an ócáid tiomsaithe airgid ar son na Gaelscoile agus déanfar airgead a bhronnadh ar Ghaelscoil Ráth Tó ar an oíche chomh maith.

Beidh Caitríona Ruane, an tAire Oideachais Thuaisceart Éireann,  i láthair don ócáid a bheidh ar siúl sa Europa Hotel, Dé Sathairn 31 Iúil.

Anuraidh baillíodh 12,600 ar mhaithe le Naíscoil Uachtar Tíre ag an ócáid chéanna agus táthar ag súil tuilleadh airgid a thiomsú i mbliana le tacaíocht na gcairde atá le teacht ag an oíche ó Thír Chonaill, Chorcaí, Chiarraí agus Chonamara.

Anuas air sin, bronnfar seic ar Ghaelscoil Ráth Tó ar an oíche. Beidh TACA, an carthanas a bhailíonn airgead ar son na Gaelscolaíochta ó thuaidh, ag bronnadh £2,000 ar an scoil.

Oíche mhór don Ghaelscolaíocht ó thuaidh agus ó dheas a bheidh ann agus tá ticéid fós ar fáil. Déan teagmháil le Iontaobhas na Gaelscolaíochta (InaG) ar 02890 241510 chun tuilleadh eolais a fháil.