Méid an Téacs

Páistí Gaelscoile ar barr

Meitheamh 15, 2010

Rinne an Roinn Oideachais i dTuaisceart Éireann taighde spéisiúil maidir leis an oideachas ó Thuaidh le gairid a thug le fios go bhfuil páistí Gaelscoile ag tuilleamh marcanna níos airde ná páistí atá ag freastal ar scoileanna a mhúineann trí mheán an Bhéarla ansiúd, ní hamháin sa mhata ach sa Bhéarla chomh maith.

Rinneadh comparáid idir páistí a raibh an cineál cúlra eacnamaíoch céanna  ag a gclann agus iad i mbun a gcuid taighde.

Tá na torthaí seo thar a bheith spéisiúil ó tharla go ndearna cigirí scoile cáineadh le gairid ar an gcaighdeán a bhí ag roinnt Gaelscoileanna sa Tuaisceart.

Ag labhairt faoi seo,  dúirt an Dochtúir Réamaí Mathers ó Chomhairle na Gaelscolaíochta, go raibh an bhéim a leagadh ar na Gaelscoileanna le linn na cigireachta a rinneadh ar an earnáil ar fad míchothrom.

Dúirt sé go dtaispeánann na torthaí seo go bhfuil na páistí Gaelscoile ag fáil torthaí níos airde ná páistí eile sa dá ábhar is tábhachtaí sa churaclam bunscoile agus rinne sé tagairt don taighde a rinne Coláiste na Banríona le gairid,  áit ar thug siad faoi deara go bhfuil cuimhne ghearrthéarmach níos fearr ag páistí Gaelscoile ná páistí eile de bharr an dátheangachas