Méid an Téacs

Plean Gníomhaíochta Gaeilge RTÉ

Meán Fómhair 2, 2015

Sheol Príomh-Stiúrthóir RTÉ, Noel Curran, plean nua gníomhaíochta straitéiseach an chraoltóra i leith na Gaeilge, Plean Gníomhaíochta Meáin Ghaeilge RTÉ, 2015-2019 inné . I láthair an Taoisigh, Enda Kenny, dúirt an Príomh-Stiúrthóir go mbeifí ag féachaint le ról na teanga ar fud seirbhísí uile RTÉ a chóiriú as an nua leis an bplean ardaidhmeach.

Ina chuid cainte inné dúirt Príomh-Stiúrthóir RTÉ, Noel Curran: “Ar cheann de na príomh-mholtaí a chuir an grúpa oibre chun cinn, bhí go gceapfadh RTÉ Grúpcheannasaí Gaeilge. Nuair a cheapamar Rónán Mac Con Iomaire, tugadh le fios nach mar dhualgas amháin a bhí de rún againn féachaint ar an nGaeilge ach mar dheis – chun an ní a fhágann gur craoltóir ann féin RTÉ a leagan amach níos géire, chun tuiscint níos fearr a chothú ar oidhreacht teangeolaíochta na tíre, ar chultúr na tíre agus go deimhin ar an meon faoi leith a bhaineann linn mar dhaoine agus mar phobal tráth ar mó den mhar-a-chéile atá sa saol ar fud an domhain. Dá réir sin, táthar ag gealladh go gcuirfear an Ghaeilge i gceartlár na hoibre, go ndéanfar gnáthrud den Ghaeilge in ábhar cláir agus le linn imeachtaí agus go leathnófar dá húsáid ar fud na meán digiteach agus na meán sóisialta.”

Chuir an Taoiseach fáilte roimh fhoilsiú Phlean Gníomhaíochta Gaeilge agus Scéim Teanga RTÉ agus dúirt: “Tá na forbairtí seo mar chuid lárnach de chur i bhfeidhm Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 atá mar chloch choirnéil de pholasaí an Rialtais sa réimse seo. Mar chraoltóir seirbhíse poiblí náisiúnta, tá sé den tábhacht go ndéanfaidh RTÉ gnáthrud den Ghaeilge ar fud a chuid ardán agus go ndíreoidh sé níos géire ar a thiomantas don Ghaeilge.”

Leag Rónán Mac Con Iomaire, Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ, amach inné an bealach a bhfuil sé i gceist ag RTÉ na moltaí leathanréimseacha a chur i bhfeidhm, moltaí a tháinig faoi anáil phróiseas comhchomhairleoireachta poiblí agus 120 aighneacht neamhspleách. Beidh Plean Gníomhaíochta Meáin Ghaeilge RTÉ, 2015-2019, in éineacht le Scéim Teanga RTÉ 2015-2018, faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, ina gcuid lárnach de straitéis fhorneartaithe RTÉ maidir leis an nGaeilge.

Agus réimse tionscnamh á bhfógairt ag RTÉ, deimhníodh go mbeidh de rogha, den chéad uair riamh, tráchtaireacht i nGaeilge a chloisteáil ar chluichí ceannais na hÉireann i mbliana. I measc na dtiomantas eile a thugtar sa Phlean Gníomhaíochta, tá siad seo a leanas: Feasacháin nuachta dhátheangacha ar 2fm; Seirbhís raidió nua Ghaeilge dírithe ar ógánaigh a fhiosrú; Ábhar den nuáil do dhaoine atá ag foghlaim na Gaeilge; Ionad Barr Feabhais maidir le hoiliúint sna meáin chumarsáide Gaeilge ; Bainfear úsáid níos minice as an nGaeilge ar bhlaisíní teilifíse, sa leanúnachas agus i bhfeasacháin aimsire.

Dúirt Rónán Mac Con Iomaire, Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ: “Féachtar tríd an bplean seo leis an nGaeilge a bheith ina dlúthchuid den obair ar fad a dhéantar in RTÉ. I rith na mblianta seo romhainn, beifear ag féachaint le seirbhís raidió nua Ghaeilge a chur ar bun a bheidh dírithe ar ógánaigh agus i rith mhí Mheán Fómhair na bliana seo, déanfar tástáil phíolótach ar rogha idir tráchtaireacht i nGaeilge nó i mBéarla leis an gcraoladh teilifíse ar chluichí ceannais na hÉireann. Táthar ag féachaint le cur leis an méid Gaeilge a bhíonn ar sheirbhísí teilifíse agus raidió RTÉ agus, trí chomhpháirtíochtaí, le hábhar oideachais breise a chur ar fáil chomh maith le cur leis an gcumas Gaeilge ar fud RTÉ.”

Mar a rinneadh i gcás RTÉjr agus GAAGO, cuirfidh RTÉ an Plean Gníomhaíochta i bhfeidhm trí chomhpháirtíochtaí nua agus de réir na n-acmhainní atá ar fáil faoi láthair.