Méid an Téacs

Polasaí nua oideachais don Ghaeltacht le críochnú roimh ‘dheireadh na bliana’

Deireadh Fómhair 22, 2015

Cuirfear críoch ar an dréachtpholasaí nua oideachais don Ghaeltacht roimh dheireadh na bliana seo agus foilseofar san athbhliain é.

Tugadh an méid sin le fios ag díospóireacht oscailte a reáchtáladh an tseachtain seo faoi na moltaí oideachais don Ghaeltacht a foilsíodh i dtús an tsamhraidh.

I gceanncheathrú na Roinne Oideachais a bhí an cruinniú, mar a raibh díospóireacht faoi na moltaí, ina measc an moladh gur trí mheán na Gaeilge amháin a mhúinfí leanaí Gaeltachta sa chéad dá bhliain den bhunscoil.

Ba é cuspóir na díospóireachta machnamh agus iniúchadh a dhéanamh ar na mórthéamaí agus na mórcheisteanna a tháinig chun cinn sa próiseas comhairliúcháin ar an oideachas Gaeltachta a d’fhógair an tAire Oideachais Jan O’Sullivan i mí Bealtaine.

Fógraíodh ag díospóireacht na seachtaine seo go raibh deireadh oifigiúil tagtha anois leis an bpróiseas sin agus go mbeifí ag luí isteach idir seo agus mí na Nollag ar dhréachtadh an pholasaí nua Gaeltachta féin.

Nuair an bheidh an polasaí nua sin dréachtaithe, cuirfidh an tAire Oideachais faoi bhráid an Rialtais é san athbhliain.
I láthair ag an seisiún comhairliúcháin Dé Luain, bhí Seán Ó Foghlú, Ard-Rúnaí na Roinne Oideachais agus Scileanna, Joe Hamill, Ard-Rúnaí na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus oifigigh ón dá roinn sin.

Labhair scata mór aoichainteoirí ag an ócáid chomh maith, ina measc, Seosamh Mac Donnacha, Comhordaitheoir Acadúil, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh; Pádraig Ó Duibhir, Cláraitheoir Choláiste Phádraig; Dónal Ó hAiniféin, Cathaoirleach na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG); Pádraig Firtéar, Príomhoide Phobalscoil Chorca Dhuibhne; agus Máire Ní Neachtain, Ceann na Roinne Gaeilge i gColáiste Mhuire Gan Smál, Luimneach.

Bhí ionadaithe i láthair ó eagraíochtaí teanga agus oideachais éagsúla.

Tuigtear gurbh í an cheist is mó a bhí ag déanamh tinnis dá raibh i láthair ná ceist na n-acmhainní agus dóthain daoine a bheith ar fáil chun an polasaí nua a chur i bhfeidhm.

Mar sin féin, ábhar dóchais agus misnigh an méid a pléadh. Ag caint dó le Tuairisc.ie, dúirt an gníomhaí pobail agus teanga, Donncha Ó hÉallaithe, gur “cruinniú fiúntach a bhí ann”.

“Tá intinn úr oscailte ag an Roinn Oideachais maidir le ceist an oideachais sa Ghaeltacht agus tá an-dóchas a’m go dtiocfaidh maitheas as, an fhaid is a bheas aitheantas scoileanna Gaeltachta ag brath ar chritéir teangeolaíochta seachas ar theorainneacha oifigiúla nach bhfuil aon chiall leo,” a dúirt sé.

B’iontach le Ó hÉallaithe an chaoi ar tugadh faoin bplé agus an chaoi ar cuireadh béim ar chúinsí na Gaeltachta go sonrach.

“Bhí sé thar a bheith ionraic agus réalaíoch mar chruinniú agus dírithe ar an nGaeltacht ar bhealach a bhí thar a bheith suntasach,” a dúirt sé.

Mhol an gníomhaí teanga do dhaoine dul i gcion ar pháirtithe polaitiúla a oiread agus ab fhéidir leo aimsir an olltoghcháin.

“Tá sé an-tábhachtach go deo go ndéanfaí stocaireacht ar na páirtithe éagsúla polaitiúla mar tógfaidh sé bliain nó dhó na polasaithe nua [oideachais] a chur i bhfeidhm agus níor mhaith liom go bhfágfaí ar an trá fholamh iad agus go gcaithfí i dtraipisí iad dá dtiocfadh páirtithe nua sa rialtas,” ar seisean.

www.tuairisc.ie