Méid an Téacs

Polasaí Oideachais Gaeltachta geallta roimh dheireadh na bliana agus i bhfeidhm Meán Fómhair 2017

Meán Fómhair 16, 2016

Rachfaidh an Polasaí Oideachais Gaeltachta os comhair bhord an Rialtais go gairid i ndiaidh cruinniú an choiste idir ranna faoi chúram an Taoisigh ar an 5 Deireadh Fómhair, a dúirt an tAire Stáit Gaeltachta, Seán Kyne, T.D. ag cruinniú le toscaireacht de chuid Gaelscoileanna Teo. inné.

Buiséad de €7 milliún in aghaidh na bliana atá luaite do chur i bhfeidhm an pholasaí, a mhaígh an tAire. Cé nár cuireadh an dréacht pholasaí os chomhair na toscaireachta, tugadh le fios go gcuimsíonn sé an chuid is mó de na moltaí a bhí leagtha amach sa cháipéis Moltaí Polasaí don Soláthar Oideachais i Limistéir Ghaeltachta, a foilsíodh Bealtaine 2015. Ghlac an tAire go tuisceanach le hábhair imní na toscaireachta faoin bpráinn a bhain le foilsiú an Pholasaí, agus faoin lagmhisneach atá ar phobail na Gaeltachta leis an bhfolús treorach atá ann i dtaobh an luaththumoideachais agus feidhmiú an churaclaim nua bunscoile, i measc go leor eile.

Ábhar dóchais a bhí ann don toscaireacht leibhéal na tuisceana agus tacaíochta a léirigh an tAire do dhúshláin na scoileanna Gaeltachta ag an dá leibhéal, ar a n-áirítear an cóimheas múinteoirí le daltaí i scoileanna beaga, cás na n-oileán, soláthar múinteoirí mar aon le soláthar acmhainní teagaisc agus foghlama. Ina chuid focail féin, léirigh sé go bhfuil seasamh leochaileach na scoileanna beaga agus scoileanna na n-oileán “tromchúiseach” agus aithníonn sé an ghá le hinfheistíocht chuí agus feachtais tacaíochta. Aithníodh freisin go bhfuil sé riachtanach go mbeadh ionadaíocht chuí ó bhunscoileanna agus iarbhunscoileanna Gaeltachta ar bhord COGG chun a chinntiú go mbeidh guth an oideachais Gaeltachta lárnach i bhforbairt na hearnála.

Deir Bláthnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach Gaelscoileanna, ina leith, “táimid an-bhuíoch don Aire as an tacaíocht a gheall sé don toscaireacht thar ceann na scoileanna Gaeltachta go gcinnteoidh sé go ndéanfaidh an Rialtas beart de réir briathar agus go bhfoilseofar an Polasaí Oideachais Gaeltachta roimh dheireadh na bliana”. Anuas air sin, “aithníonn an tAire go bhfuil priarachtaí eile ag scoileanna Gaeltachta ar a n-áirítear an cóimheas múinteoirí le daltaí nach bhfuil tógtha san áireamh sa pholasaí oideachais Gaeltachta, agus impímid air tionchar dearfach a imirt ar an Rialtas agus ar an Roinn Oideachais agus Scileanna chun críche athbhreithniú ar an gcás agus cóimheas nua a chur i bhfeidhm a chinnteoidh inmharthacht agus caomhnú scoileanna beaga Gaeltachta agus oileán, an teanga agus na pobail lena mbaineann”.

Impíonn Gaelscoileanna Teo. ar an Aire dul i bhfeidhm go dearfach ar an Rialtas faoi fhoilsiú an pholasaí ar bhonn práinne, polasaí a thugann aghaidh ar an iliomad castachtaí agus dúshláin a bhaineann leis an oideachas Gaeltachta.

Is iad Peadar Ó Sé, Príomhoide Ghairmscoil Cholmcille, Indreabhán, Seán Mac Donnacha Príomhoide, Scoil Chuimsítheach Chiarain, An Cheathrú Rua, Mairead Ní Chualain, S.N. Leitir Meallain, Anna Ní Chartúir S. N. leitir Múcu agus Comac ó Tuairisc, Scoil Éinne an Spidéal na múinteóirí Gaeltachta a bhí i láthair ag an gcruinniú.