Méid an Téacs

Polasaí oideachais Gaeltachta pléite leis an Taoiseach, ach níl aon phingin dá fheidhmú sa Bhuiséad

Deireadh Fómhair 17, 2016

Tá sé deimhnithe ag Tuairisc.ie nach bhfuil aon phingin curtha ar leataobh sa Bhuiséad chun tús a chur an bhliain seo chugainn leis an bPolasaí Oideachais nua don Ghaeltacht atá le foilsiú roimh dheireadh na bliana seo. Fágann an scéal seo go bhfuil amhras anois ann faoi cé acu an dtosófar nó nach dtosófar ar fheidhm a thabhairt don pholasaí i dtús na chéad scoilbhliana eile i mí Mheán Fómhair 2017.

Idir an dá linn, pléadh an polasaí oideachais Gaeltachta tráthnóna inné ag cruinniú den Choiste Rialtais don Ghaeilge, coiste a bhfuil an Taoiseach ina Chathaoirleach air.

Rinne an Roinn Oideachais costasú ar chur i bhfeidhm an pholasaí nua agus meastar go mbeadh costas idir €2 milliún agus €3 milliún in aghaidh na bliana ar an bpolasaí nua dá gcuirfí i bhfeidhm na moltaí ar fad atá ann. Ní fios go fóill, áfach, cé na moltaí a nglacfar nó nach nglacfar leo sa pholasaí féin.

Thug urlabhraí ón Roinn Oideachais le fios do Tuairisc.ie inné nach raibh aon tagairt do mhaoiniú don pholasaí Gaeltachta i mbuiséad na Roinne don bhliain seo chugainn.

“Tá [an tAire] tiomanta an Polasaí Oideachais Gaeltachta a fhoilsiú roimh dheireadh na bliana. Sonraítear sa phlean Aicsin freisin go gcuirfear an polasaí i bhfeidhm ar bhonn céimnithe, de réir mar a cheadaíonn acmhainní,” a dúirt an t-urlabhraí.

Dúirt Dónal Ó hAiniféin, Cathaoirleach COGG, le Tuairisc.ie go bhfuil “díomá” air nach luaitear maoiniú don pholasaí oideachais Gaeltachta go sonrach i mBuiséad 2017 agus gur “údar imní” dó an easpa maoinithe sin toisc go bhféadfadh sé nach gcuirfear an polasaí i bhfeidhm an bhliain seo chugainn mar a bhíothas ag súil.

“Bhí díomá orm Dé Máirt nach raibh aon líne faoi leith ann sna cáipéisí faoi chur i bhfeidhm an pholasaí. Cosnóidh sé seo roinnt milliún. Rinneadh meastacháin cheana ach níl a fhios againn cé na hathruithe atá déanta air ó shin, tá os cionn bliana anois ann ó bhíomar ag plé leis.

“Táimid ag caint ar naíonraí, bunscoileanna, meánscoileanna, acmhainní agus tacaíochtaí múinteoireachta agus araile. Beidh costas roinnt milliún in aghaidh na bliana leis sin agus mura bhfuil sé luaite go sonrach sa Bhuiséad cé as a thiocfaidh an t-airgead? Nó an mbeidh an t-airgead ann lena chur i bhfeidhm ar chor ar bith? Ní bheidh an deis atá againn anois ag an gcéad ghlúin eile, tá sé ríthábhachtach go gcuirfear an polasaí i bhfeidhm a luaithe agus is féidir,” a dúirt Cathaoirleach COGG.

I mBealtaine 2015 a foilsíodh na moltaí don pholasaí nua Gaeltachta, agus ba i nDeireadh Fómhair na bliana seo caite a bhí an cruinniú deireanach sa phróiseas comhairliúcháin a lean foilsiú na moltaí sin.

Cuireadh fáilte roimh na moltaí don pholasaí nuair a foilsíodh anuraidh iad toisc gur measadh go dtugann siad aghaidh ar chuid de na dúshláin is mó atá roimh theagasc na Gaeilge sna ceantair ina bhfuil sí fós in uachtar mar theanga phobail.

Dúirt an tAire Bruton níos túisce i mbliana go raibh an polasaí nua ina dhlúthchuid d’obair a Roinne ar an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus go raibh na moltaí oideachais i gceist chomh maith sa gheallúint a tugadh i gClár an Rialtais nua maidir le tacaíocht bhreise a thabhairt don Ghaeilge.

Bhíothas ag súil go mbeadh an polasaí nua foilsithe roimh thús na scoilbhliana seo ach táthar anois ag maíomh gur roimh dheireadh na bliana a fhoilseofar é.

Déantar moltaí ar leith don chainteoir dúchais sa dréachtpholasaí agus moltar ann freisin go dtabharfaí tacaíocht do scoileanna Gaeltachta atá ag teagasc i mBéarla tosú ag teagasc trí Ghaeilge.

Tuairisc.ie