Méid an Téacs

Próiseas nua maidir le haitheantas meánscoileanna fógartha

Lúnasa 12, 2010

An tseachtain seo caite, d’fhógair an Tánaiste, Mary Coughlan, go mbeidh leasú suntasach ag teacht ar an bpróiseas a bhaineann le hiar-bhunscoileanna nua a aithint.

Tá grúpaí agus eagraíochtaí éagsúla ag fáiltiú roimh fhógra an Tánaiste ach tá cáineadh á dhéanamh ag cuid eile. Tá Gaelscoileanna Teo ina measc siúd atá ag fáiltiú roimh fhógra an Tánaiste.

Faoin gcreatlach nua a bhunófar aontófar na critéir a úsáidfear chun iarratais do bhunú iar-bhunscoileanna a mheas. Mar thoradh ar an bpróiseas seo beidh trédhearcacht ag baint leis an bpróiseas cinnteoireachta ag leibhéal na Roinne Oideachais agus Scileanna maidir le haitheantas a bhronnadh ar scoileanna nua beartaithe.

Ag tagairt do na himpleachtaí a bheadh ann do na hiar-bhunscoileanna Lán-Ghaeilge, dúirt Bláthnaid Ní Ghréacháin, Ard-Fheidhmeannach Gaelscoileanna Teo, “Fáiltímid go mór roimh athchóiriú ar an bpróiseas aitheantais d’iar-bhunscoileanna, agus tá sé an-tráthúil i bhfianaise an athbhreithnithe atá á chur i gcrích ar an bpróiseas a bhaineann le haitheantas bunscoileanna.

Táimid muiníneach go mbeidh an t-athchóiriú beartaithe chun leasa an tsoláthair iar-bhunscolaíochta agus go dtabharfar aitheantas cuí do riachtanais agus don éileamh mór ar sholáthar iar-bhunscolaíochta Lán-Ghaeilge.”

I measc na gcritéar atá réamhaitheanta ag an Tánaiste, áirítear an riachtanas a bhainfidh le cumas aon scoil nua a bhunófar chun freastal ar an éagsúlacht. Freagraíonn na scoileanna Lán-Ghaeilge do sholáthar na héagsúlachta ag leibhéal sainmheon creidimh/teanga agus freastlaíonn siad ar gach cúlra teangeolaíoch, sóisialta agus acadúil na ndaltaí.

Tá an Tánaiste ag moladh go mbunófar Aonad Gaelscolaíochta i scoil Lán-Bhéarla. Ag trácht ar an moladh seo, deir Ní Ghréacháin gur maith an rud é go gcuirfear Gaeloideachas ar fáil do dhaltaí áit nach bhfuil dóthain éilimh ann do scoil neamhspleách. Tugann sí rabhadh, áfach, ag rá,

“Ní mór leanacht leis an idirphlé idir an Roinn agus Gaelscoileanna Teo ar mhaithe le hathbhreithniú agus forbairt chuimsitheach a dhéanamh ar mhúnla an Aonaid mar choincheap agus mar chur chuige.”

Deir sí go bhfuil “a lán dúshlán” ag baint leis an múnla reatha.

Tá sé i gceist go mbunófar Grúpa Comhairliúcháin san Fhómhar a dhéanfaidh moltaí a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Tánaiste maidir le haitheantas d’iar-bhunscoileanna.

Táthar ag tuar go mbeidh riachtanas ann áit scoile a bheith ar fáil do 67,000 dalta breise faoi 2024. “Second-Level Patronage Advisory Group” nó An Grúpa Comhairleach Pátrúnachta Dara Leibhéal an t-ainm atá ar an ngrúpa comhairliúcháin seo.

Deir Gaelscoileanna Teo go dtréaslaíonn siad don Tánaiste tabhairt faoin bpróiseas seo agus go bhfuil siad “tiomanta don chomhoibriú leis an Tánaiste agus leis an Roinn ar an gceist ríthábhachtach seo”. Tá an eagraíocht ag súil le ról lárnach a imirt sa dúshlán a bhaineann leis an gcóras is éifeachtaí a chur i bhfeidhm.

“Molaimid go gcinnteoidh an Tánaiste go mbeidh ionadaithe le saineolas ar riachtanais na scoileanna Lán-Ghaeilge ar an nGrúpa Comhairleach,” ar siad.

Deir Ruairí Quinn, urlabhraí oideachais Pháirtí an Lucht Oibre, gur comhartha é bunú an ghrúpa seo de chladhaireacht pholaitiúil Mary Coughlan agus de rud eile a bheith curtha ar an méar fhada.

“Cosúil leo siúd a tháinig roimpi, tá an tAire i ndiaidh cinneadh maidir le Educate Together a aithint mar phátrún dara leibhéal a sheachaint,” ar sé. “Tá na coistí gairmoideachais agus an Eaglais Chaitliceach in aghaidh fhorbairt an oideachais ilchreidmhigh inár meánscoileanna.

Tá an iomarca eagla ar an Aire é seo a cheistiú agus an status quo a athrú.”
Deir an tUasal Quinn freisin nach bhfuil oideachas ilchreidmheach ar fáil do thuismitheoirí faoi láthair, agus go bhfuil sé seo “doghlactha.”

Táthar ag tuar go n-ardóidh an daonra in oirthear na hÉireann níos tapúla ná sa chuid eile den tír, agus deir an tAire Oideachais gur lú seans go mbeidh spás breise i seomraí ranga ann.

“Sna cásanna seo, beidh géarghá le critéir shoiléire agus le trédhearcacht níos fearr maidir le cinntí a dhéanfar faoi phátrúnacht sna scoileanna,” ar sí. “Tá pátrúin éagsúla ag iarraidh scoileanna nua a bhunú. Tá sé tábhachtach go mbeidh critéir shoiléire ann do gach pátrún sula ndéanfaidh siad iarratais.”

Meadhbh Ní Eadhra