Méid an Téacs

Raic leanúnach faoi Ghaelscoil i gCorcaigh

Iúil 4, 2011

Tá sé ina raic i gCathair Chorcaí mar gheall ar phleananna foirgneamh nua a thógáil do Ghaelscoil an Ghoirt Álainn.

Tar éis blianta i gcóiríocht shealadach, tá an Ghaelscoil ag iarraidh baile buan seasta a fháil sa ‘Tank field’ in oirthuaisceart na cathrach. Ní beag, áfach, líon na ndaoine áitiúla, Gaeilgeoirí ina measc, atá ag léiriú a míshástachta leis seo de bharr, dar leo, gurb í an pháirc seo an t-aon áit ghlas amháin sa chuid sin den chathair. Tá an pháirc zónáilte d’úsáid spóirt agus í suite ar an teorainn idir Montenotte na flúirse agus Baile na mBocht (Mayfield). De thoradh an eolais mhíchruinn a bhí i measc an phobail i dtaobh an scéil seo, d’eagraigh an Ghaelscoil lá oscailte ar an Luan seo caite chun daoine a chur ar an eolas faoi. Tugadh cuireadh do chomhairleoirí cathrach Chorcaí bheith ann. Níor tháinig ach ochtar acu.

Sheol an scoil bileog eolais le gairid chuig thart ar 800 teach sa cheantar chun a taobhsan den scéal a shoiléiriú. Ina theannta sin, ghlac thart ar 1500 duine, daltaí scoile ina measc, páirt i mórshiúl ar son na Gaelscoile i mí an Mhárta sa chathair. Ba mhór an cúnamh agus ardú meanman, dar leis an Uasal Ó Brolacháin, leibhéal na tacaíochta a léirigh an pobal an lá sin. I ndiaidh an mhórshiúil, bhuail muintir na scoile le ceathrar T.D. atá, dar leis, ar son bogadh lucht na scoile isteach sa ‘Tank field’. Ba iad sin Jonathan O Brien, SF, Dara Murphy, FG, Kathleen Lynch, Lucht Oibre agus Billy Kelleher, FF. Is iad an dá dhream atá in aghaidh an tsuímh nua seo don Ghaelscoil ná Cumainn Áitritheoirí Montenotte agus Murmount. Dar le Breandán Ó Guagáin ó Chumann Áitritheoirí Montenotte, dá dtógfaí an scoil nua sa ‘Tank field’, beidh cosc iomlán ar an bpobal aon úsáid a bhaint as an t-aon áit ghlas amháin sa cheantar mar atá á úsáid acu le glúine ó tógadh na tithe taobh leis an bpáirc siar sna 1930í.

Gaelscéal – Seosamh Ó Riain