Méid an Téacs

Ranganna Gaeilge an Fhómhair i nGaillimh

Meán Fómhair 5, 2013

An bhfuil tú ag iarraidh cur le do chumas Gaeilge?

Ar mhaith leat cur le do stór focal, nó muinín níos mó a bheith agat agus tú ag plé cúrsaí an tsaoil i nGaeilge? Nó b’fhéidir go bhfuil tú ag iarraidh cáilíocht fhoirmiúil, ar nós Teastas Eorpach na Gaeilge, a bhaint amach?
Tá Conradh na Gaeilge ag reáchtáil ranganna Gaeilge ag cúig leibhéal an Fhómhair seo. Leis an réimse ranganna seo is cinnte go mbeidh rang ann atá oiriúnach do chách.
Beidh na ranganna go léir ar siúl i lár chathair na Gaillimhe in Áras na nGael, 45 Sráid Doiminic, ar feadh uair go leith gach seachtain, oíche amháin sa tseachtain ar feadh tréimhse 10 seachtain. Tosaíonn na ranganna ar an 23 Meán Fómhair agus tá táille €145 ag baint leo.
Is féidir clárú ar líne ag www.arasnangael.ie, nó má theastaíonn foirm iarratais nó tuilleadh eolais uait is féidir é sin a fháil ach teagmháil a dhéanamh le Conradh na Gaeilge, 45 Sráid Doiminic, Gaillimh ag 091 567824 nó conradh@bradan.iol.ie.

www.advertiser.ie/galway