Méid an Téacs

Ranganna Gaeilge an Fhómhair

Meán Fómhair 6, 2012

An bhfuil tú ag iarraidh cur le do chumas Gaeilge? Ar mhaith leat cur le do stór focal, nó muinín níos mó a bheith agat agus tú ag plé cúrsaí an tsaoil i nGaeilge? Nó b’fhéidir go bhfuil tú ag iarraidh cáilíocht fhoirmiúil, ar nós Teastas Eorpach na Gaeilge, a bhaint amach?

Tá Conradh na Gaeilge ag reáchtáil ranganna Gaeilge ag cúig leibhéal an Fhómhair seo. Leis an réimse ranganna seo is cinnte go mbeidh rang ann atá oiriúnach do chách.
Beidh na ranganna go léir ar siúl i lár chathair na Gaillimhe in Áras na nGael, 45 Sráid Doiminic, ar feadh uair go leith gach seachtain, oíche amháin sa tseachtain ar feadh tréimhse 10 seachtain. Tosaíonn na ranganna ar an 24 Meán Fómhair agus tá táille €145 ag baint leo.

Is féidir clárú ar líne ag www.arasnangael.ie, nó má theastaíonn foirm iarratais nó tuilleadh eolais uait is féidir é sin a fháil ach teagmháil a dhéanamh le Conradh na Gaeilge, 45 Sráid Doiminic, Gaillimh ag 091 567824 nó conradh@bradan.iol.ie.

Cúnamh don bhéal triail

Tá cúrsa nua curtha le chéile ag Conradh na Gaeilge do mhic léinn atá ag déanamh scrúdú na hArdteistiméireachta agus atá ag iarraidh cur lena gcumas labhartha Gaeilge. Tá an cúrsa nua curtha le chéile de bharr éileamh ó thuismitheoirí agus beidh sé ag díriú ar gach gné den scrúdú béal. Ar ndóigh tá tábhacht bhreise leis an scrúdú seo anois os rud é go bhfuil 40% de na marcanna iomlán sa scrúdú ag dul don scrúdú béal.

Beidh cúrsa Chonradh na Gaeilge ar siúl gach maidin Shathairn in Áras na nGael, 45 Sr. Doiminic, ar feadh tréimhse 10 seachtain agus déanfar freastal ar mhic léinn atá ag staidéar don ard leibhéal agus don ghnáth leibhéal. Cuirfear béim faoi leith i gcothú muinín na mic léinn sa teanga agus cuirfear an teanga os a gcomhar mar ghnáth theanga cumarsáide. Bainfear leas as réimse leathan uirlisí múinteoireachta agus cinnteofar freisin go mbeidh na mic léinn ag foghlaim faoi gach gné den teanga.

Is féidir clárú don chúrsa nua anois agus is féidir eolas a fháil ach glaoch a chur ar 091 567824 nó conradh@bradan.iol.ie.

Deis chun staidéar thar lear

Tá deis ar fáil anois, tríd an scéim Fulbright, do chéimithe ar mian leo tréimhse a chaitheamh ag staidéar agus ag obair in institiúidí acadúla sna Stáit Aontaithe. Tá córas iarratais Fulbright ar oscailt anois agus tá go dtí 14 Samhain ag céimithe le Gaeilge iarratas a dhéanamh ar scéim na bliana 2013-2014.

Tá scéim Fulbright dírithe ar na grúpaí seo leanas: Mic léinn ar mian leo tabhairt faoi staidéar iarchéime nó taighde in institiúid acadúil sna Stáit Aontaithe; Scoláirí agus daoine gairmiúla, ag a bhfuil níos mó ná cúig bliana de thaithí acu, le bheith ina dtaighdeoirí agus léachtóirí Gaeilge; Múinteoirí Gaeilge ar mian leo tréimhse 10 mí a chaitheamh ag tógáil ranganna iarchéime agus ag obair mar chúntóirí mhúinteoireachta i dteangacha iasachta in ollscoil Mheiriceánach.

Cuirfear deontas ar fáil dóibh siúd a éiríonn leo áit a bhaint amach agus cuirtear clár leathan imeachtaí ar fáil do na rannpháirtithe le linn a dtréimhse sna Stáit Aontaithe.
Is féidir gach eolas a fháil ag www.fulbright.ie.

www.advertiser.ie/galway