Méid an Téacs

Rannpháirtithe de dhíth do thaighde ar “Tionchar an Phiarsaigh ar Cheannairí Ghaelscoileanna”

Nollaig 11, 2014

Is príomhoide gaelscoile mé agus tá mé ag déanamh taighde ollscoile ar an Phiarsach. Is mian liom teacht ar 5/6 phríomhoide/leas-phríomhoide a bheadh sásta labhairt liom faoin tionchar a bhí ag scríbhinní / dearcadh an Phiarsaigh mar oideachasóir orthu féin.

An taighde: Tionchar an Phiarsaigh ar Cheannairí Ghaelscoileanna An Lae Inniu.

Is mian liom labhairt le daoine a chreideann go bhfuil sé tábhachtach againn mar ghluaiseacht oideachais go mbíonn lorg an Phiarsaigh ar na scoileanna agus go bpléann muid ansin é (a chúlra mar ghníomhaire teanga, a dhearcadh ar an chóras oideachais, a chur chuige múinteoireachta, áit na Gaeilge sa phobal/tír, polasaí an dátheangachais mar shampla san áireamh).

Má shíleann duine go bhféadfadh sé/sí cur leis an taighde seo, chuirfinn fáilte is fiche roimh theagmháil. Beidh na hagallaimh le cur idir thús Mhí Eanáir agus deireadh Mhí Feabhra 2015 i suíomh a oireann don té a ghlacann páirt.

Le meas,
Séamas Ó Donnghaile
(Mac Léinn Ed.D., Ollscoil na Banríona, Béal Feirste)

Príomhoide
Bunscoil Mhic Reachtain
Béal Feirste
sodonnghaile@gmail.com
02890322409
07803546835

Cathaoirleach

Cumann Chluain Ard

Béal Feirste